Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:10 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

10 Agus dubhairt sé leó: Do tugadh daoibh-se rúndiamhar rígheachta Dé a dh’aithint; do’n chuid eile, ámhthach, i bhfuirm soluídí, i dtreó go bhfeicfidís agus ná feicfidís, agus go gcloisfidís agus ná tuigfidís.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

10 ar seisean, “Is daoibhse a deonaíodh fios rúndiamhra ríocht Dé; ach níl sin le fáil ag an gcuid eile acu ach go fáithchiallach, ionas go bhfeice siad gan a fheiceáil, agus go gcluine siad gan a thuiscint.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

10 Agus dubhairt sé leo: Is díbh-se a tugadh eolas a bheith agaibh ar rúindiamhra ríoghacht Dé, acht do’n chuid eile i bhfuirm fáithscéal, ionnas, ar fheiceáil dóibh, nach bhfeiceadh siad, agus ar chluinstin dóibh, nach dtuigeadh siad.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

10 Agus adubhairt sé, Tugadh daoibh‐se rúin‐diamhra ríoghachta Dé d’aithint: acht do dhaoinibh eile i samhlaoidibh; ionnas, ag féachain dóibh nach bhfeicfidís, agus ag éisteacht dóibh nach dtuigfidís.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

10 Agus a dubhairt seisean, Is dáoibhsi tugadh rúndiamhra rioghachda Dé daithniughadh: achd do chách eile a ccosamhlachduibh; ionnus ag faicsin dóibh nach bhfaicdís, agus ag cluinsin dóibh nach dtuigfidís.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

10 Dúirt sé: “Tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht Dé, ach do chách eile i bparabail, chun go ‘mbreathnoidís ach nach bhfeicfidís, agus go mbeidís ag éisteacht ach nach dtuigfidís.’

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

10 Dúirt sé: “Tá sé tugtha daoibhse eolas a bheith agaibh ar rúndiamhra ríocht Dé, ach do chách eile i bparabail, chun go ‘mbreathnoidís ach nach bhfeicfidís, agus go mbeidís ag éisteacht ach nach dtuigfidís.’

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:10
24 Tagairtí Cros  

Sa n-am san d’fhreagair Íosa agus dubhairt: Admhuighim ad’ láthair-se, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, mar gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus tuisgiona, agus gur nochtais iad do naoidheanaibh.


Agus d’fhreagair Íosa agus dubhairt sé leis: Is aoibhinn duit, a Shímóin mhic Ióna, óir ní feóil agus fuil a dh’fhoillsigh duit-se sin, ach m’Athair-se atá ins na flathais.


Agus dubhairt sé leó: Do tugadh daoibh-se eólus d’fhághail ar rúndiamh raibh rígheachta Dé, ach do’n mhuíntir sin atá lasmuigh, deintear gach nídh i soluídíbh;


I dtreó ag féachaint dóibh go bhfeicfidís agus ná feicfidís, agus ag éisteacht go n-aireóchaidís agus ná tuigfidís, sar a ndéanfidís chóidhche iompáil agus go maithfí a bpeacaí dóibh.


Do dhall sé a súile, agus do dhúr sé a gcroidhe, sar a bhfeicfidís le n-a súilibh agus sar a dtuigfidís ’n-a gcroidhe, agus go n-iompóchaidís, agus go saorfainn iad.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí