Ins an am sin d’fhreagair Íosa agus adubhairt, Molaim thú, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus tuigseana, agus gur nochtais do naoidheanaibh iad:
Lúcás 22:42 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) g‐á rádh, A Athair, má’s toil leat é, beir uaim an cupán so: acht cheana, nárab é mo thoil‐se acht do thoil‐se do‐ghéantar. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “A Athair, más toil leat é, cuir an cupán seo ó mo bhéal; ach mar sin féin ná déantar mar is toil liom, ach mar is toil leatsa.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Ag rádh: A Athair, má’s toil leat, beir uaim an chailís seo. Cidheadh, ná déantar mo thoil-se, acht do thoil-se. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Ag rádh, A Athair, mas toil leachd, cuir an cupánsa thoram: ach cheana nar ab í mo thoilsi, achd do thoilsi, do dhéantar. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus dubhairt sé: A Athair, má’s toil leat é, beir uaim an chailís seo: ach cheana, ná deintear mo thoil-se ach deintear do thoil-se. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 agus ag teacht ar a ghlúine dó, thosaigh sé ag guí: “A Athair,” deireadh sé, “más toil leat é, tóg uaim an cupán seo; ach nárab í mo thoilse a dhéanfar ach do thoilse.” An Bíobla Naofa 1981 agus ag teacht ar a ghlúine dó, thosaigh sé ag guí: “A Athair,” deireadh sé, “más toil leat é, tóg uaim an cupa seo; ach nárab í mo thoilse a dhéanfar ach do thoilse.” |
Ins an am sin d’fhreagair Íosa agus adubhairt, Molaim thú, a Athair, a Thighearna neimhe agus talmhan, gur cheilis na neithe seo ar lucht eagna agus tuigseana, agus gur nochtais do naoidheanaibh iad:
Acht d’fhreagair Íosa, agus adubhairt, Ní fios daoibh créad iarras sibh. An cupán ólfad‐sa an féidir libh‐se a ól? Adubhradar‐san leis, Is féidir linn.
Agus d’imthigh sé uatha achar beag, agus do thuit sé ar a aghaidh, agus do ghuidh sé, g‐á rádh, A Athair, má’s féidir é, gabhadh an cupán so uaim: ná déantar, ámh, mar is toil liom‐sa, acht mar is toil leat‐sa.
D’imthigh sé arís an dara h‐uair, agus do ghuidh sé, g‐á rádh, A Athair, muna féidir go ngabhfadh an cupán so uaim, gan mé g‐á ól, go ndéantar do thoil‐se.
Agus d’fhág sé arís iad, agus do‐rinne sé guidhe an treas uair, agus é ag ath‐rádh na bhfocal céadna.
go dtigidh do ríoghacht; go ndéantar do thoil ar an talamh mar do‐ghnítear ar neamh;
Agus adubhairt sé, Abbá, a Athair, atá gach nidh ar chumas duit; cuir an cupán so dhíom: ná déantar, ámh, an nidh is toil liom‐sa, acht an nidh is toil leat‐sa.
Agus adubhairt Íosa, A Athair, maith dhóibh, óir ní fhuil a fhios aca créad atá aca d’á dhéanamh. Agus do roinneadar a chuid éadaighe eadortha féin, g‐á gcur ar chrannaibh.
Agus Malchus ab ainm do’n tseirbhíseach. Agus adubhairt Íosa le Peadar, Cuir do chlaidheamh ar ais ’n‐a thruaill: an cupán thug an t‐Athair le n’ól dom, nach n‐ólfad é?
Adubhairt Íosa leo, Is é mo bhiadh‐sa toil an té do chuir uaidh mé do dhéanamh, agus a ghnó do chóimhlíonadh.
Ní fhéadaim‐se éinnidh do dhéanamh uaim féin: de réir mar chluinim do‐bheirim breith: agus atá mo bhreith ceart; óir ní h‐í mo thoil féin loirgim, acht toil an té do chuir uaidh mé.
Óir ní chum mo thoil féin do dhéanamh tháinig mé anuas ó neamh, acht chum toil an té do chuir uaidh mé do dhéanamh.
Annsin, nuair nárbh fhéidir a intinn d’athrú, do stadamar, g‐á rádh, Go ndéantar toil an Tighearna.