Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 22:43 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

43 Agus do taidhbhrigheadh dhó aingeal ó neamh, ag neartú leis.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

43 Agus nocht aingeal ó neamh dó ag neartú leis.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

43 Agus taisbeánadh dó aingeal ó neamh ghá neartughadh. Agus ó bhí sé i bpian-chrádh, rinne sé urnaighe an-fhada.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

43 Achd do taisbéanadh dhó aingeal ó neamh dá chomhfhurtachd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

43 Agus do taisbeánadh dó aingeal ó neamh ag cur misnigh air. Agus bhí sé i n-anaithe dhian agus ag guidhe go cruaidh.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

43 Agus chonacthas aingeal ó neamh dó dá neartú.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

43 Agus chonacthas aingeal ó neamh dó á neartú.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 22:43
16 Tagairtí Cros  

Nó an measann tú nach féidir liom glaodhach ar m’Athair, agus cuirfidh sé chugam anois díreach tuilleadh agus dhá léigiún déag d’ainglibh?


Annsin d’imthigh an diabhal uaidh, agus féach, tháinig aingil agus do‐rinneadar friotháileamh air.


agus adubhairt sé leis, Má’s tú Mac Dé teilg thú féin le fánaidhe síos: óir atá scríobhtha, Do‐bhéaraidh sé órdú d’á ainglibh id’ thaobh: Agus tógfaid‐sean ’n‐a lámhaibh thú, Ar eagla go mbuailfeá do chos i gcoinnibh cloiche.


acht do‐rinneas‐sa guidhe ar do shon‐sa, chum nach gcaillfeadh ar do chreideamh: agus nuair iompóchair neartuigh do bhráithre.


ag neartú anamann na ndeisceabal, g‐á spreagadh chum bheith seasamhach san gcreideamh, mar gur tré mórán d’fhulang caithfear ríoghacht Dé do bhaint amach.


Agus tar a eis do tamall do chaitheamh annsin, d’imthigh sé, agus do ghluais sé ar fud réigiúin Ghalátia agus Frigia i ndiaidh a chéile, ag neartú na ndeisceabal go léir.


Agus gan déidearbhadh ar bith, is doimhin í rúindiamhair na diadhachta; an Té do foillsigheadh san bhfeoil, do fíréanuigheadh san Spiorad, go bhfaca aingle é, do craobhscaoileadh i measc na gCineadhach, gur creideadh ann san tsaoghal, gur tógadh suas é san nglóir.


Nach spioraidí freastail iad go léir, atá curtha amach chum friothálmha ortha‐san go bhfuil an slánughadh i ndán dóibh mar oidhreacht?


Agus arís, nuair do‐bheir sé a chéid‐ghein isteach san tsaoghal adeir sé, Agus déanadh aingle uile Dé adhradh dhó.


Ar an adhbhar sin ba chóir go ndéanfaidhe é cosmhail ar gach slighe le n‐a bhráithribh, chum go mbéadh sé ’n‐a árd‐shagart trócaireach, ionnraic ins na neithibh bhaineas le Dia, chum cúiteamh do dhéanamh as peacaidhibh an phobail.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí