Eoin 18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)1 Nuair do bhí na briathra sin ráidhte ag Íosa, do chuaidh sé amach mar aon le n‐a dheisceablaibh thar sruth Chedron, mar a raibh garrdha, agus do chuaidh sé féin isteach ann i n‐éinfheacht le n‐a dheisceablaibh. 2 Agus do bhí fios na h‐áite sin ag Iúdás, do bhí g‐á bhrath: óir ba mhinic do théigheadh Íosa agus a dheisceabail ann. 3 Agus Iúdás, nuair fuair sé buidhean agus oifigigh ó na h‐árd‐shagartaibh agus ó na Fairisíneachaibh, tháinig sé chum na h‐áite, agus lóchrainn, agus tóirsí, agus airm aige. 4 Agus ó bhí a fhios ag Íosa gach a raibh le teacht air, do chuaidh sé amach, agus adubhairt sé leo, Cia atá uaibh? 5 D’fhreagradar dó, Íosa Nasardha. Adubhairt Íosa leo, Is mise é. Agus Iúdás do bhí g‐á bhrath, bhí sé ’n‐a sheasamh i n‐éinfheacht leo. 6 Agus, ní túisce adubhairt sé leo, Is mise é, ’ná chuadar siar, agus do thuiteadar ar an talamh. 7 Uime sin d’fhiafruigh sé dhíobh arís, Cia atá uaibh? Agus adubhradar, Íosa Nasardha. 8 D’fhreagair Íosa, Adubhras libh gur mise é: d’á bhrigh sin má’s mise atá uaibh, leigidh dhóibh seo bheith ag imtheacht: 9 chum go gchóimhlíonfaidhe an briathar adubhairt sé, Dhíobh‐san thugais dom níor chailleas duine. 10 Annsin Síomón Peadar, go raibh claidheamh aige, do tharraing sé é, agus do bhuail sé seirbhíseach an árd‐shagairt, gur bhain sé an leath‐chluas dheas de. 11 Agus Malchus ab ainm do’n tseirbhíseach. Agus adubhairt Íosa le Peadar, Cuir do chlaidheamh ar ais ’n‐a thruaill: an cupán thug an t‐Athair le n’ól dom, nach n‐ólfad é? 12 Annsin rug an bhuidhean, agus oifigigh na nIúdach ar Íosa, 13 agus do cheangladar é, agus rugadar i láthair Annais ar dtús é; óir ba é athair céile Cháiafais é, do bhí ’n‐a árd‐shagart an bhliadhain sin. 14 Agus ba é Cáiafas an té thug de chómhairle do na h‐Iúdachaibh, go n‐oirfeadh bás duine amháin do’n phobal. 15 Agus do lean Síomón Peadar Íosa, agus deisceabal eile, leis. Agus do bhí aithne ag an árd‐shagart ar an deisceabal sin, agus do chuaidh sé isteach mar aon le h‐Íosa i gcúirt an árd‐shagairt; 16 acht do bhí Peadar ’n‐a sheasamh taobh amuigh de’n doras. Agus an deisceabal eile go raibh aithne ag an árd‐shagart air, do chuaidh sé amach agus do labhair sé leis an gcailín do bhí i mbun an dorais, agus thug sé Peadar isteach. 17 Annsin adubhairt cailín an dorais le Peadar, Nach duine de dheisceablaibh an fhir seo thusa, leis? Adubhairt seisean, Ní h‐eadh. 18 Agus do bhí na seirbhísigh agus na h‐oifigigh ’n‐a seasamh, agus teine fíodhghuail ar lasadh aca; óir bhí sé fuar; agus bhí siad g‐á dtéidheadh: agus do bhí Peadar ’n‐a bhfochair, leis, ’n‐a sheasamh agus g‐á théidheadh. 19 Agus do chuir an t‐árd‐shagart ceist ar Íosa i dtaobh a dheisceabal agus i dtaobh a theagaisc. 20 D’fhreagair Íosa dhó, Do labhras go foscailte leis an saoghal; do‐ghnínn teagasc i gcómhnaidhe san tsionagóig agus san teampall mar a gcruinnigheann na h‐Iúdaigh uile le chéile; níor labhras éinnidh fá cheilt. 21 Cad chuige dhuit bheith ’gam’ cheistiú? Cuir ceist ortha‐san do‐chuala a ndubhairt mé leo: féach, is eol dóibh‐sean céard adubhairt mé. 22 Ar n‐a rádh sin dó, do bhuail duine de na h‐oifigeachaibh do bhí láithreach ’n‐a sheasamh, bhuail sé buille boise ar Íosa, g‐á rádh, An mar sin do‐bheir tú freagra ar an árd‐shagart? 23 D’fhreagair Íosa dhó, Má labhras go h‐olc, tabhair fiadhnaise i dtaobh an uilc; acht má labhras san gceart, chad chuige ar bhuailis mé? 24 Annsin do chuir Annas é ceangailte chum an árd‐shagairt. 25 Agus do bhí Síomón Peadar ’n‐a sheasamh g‐á ghoradh féin. Agus adubhradar leis, Nach duine d’á dheisceablaibh‐siúd thusa, leis? Do shéan seisean, agus adubhairt, Ní h‐eadh. 26 Adubhairt duine de sheirbhíseachaibh an árd‐shagairt, gaol do’n té gur bhain Peadar an leath‐chluas de, Nach bhfacassa sa ngarrdha thú ’n‐a fhochair? 27 Do shéan Peadar arís: agus ar an láthair do ghlaodh an coileach. 28 Do threoruigheadar Íosa annsin ó Cháiafas isteach sa bPraetorium; agus do bhí moch na maidne ann; agus ní dheachadar féin isteach sa bPraetorium chum nach dtruailleochaidhe iad, acht go n‐íosfaidís an cháisc. 29 Uime sin do chuaidh Píoláid amach chuca, agus adubhairt, Caidé an chúis atá agaibh i n‐aghaidh an fhir seo? 30 D’fhreagradar agus adubhradar leis, Muna mbéadh gur cuirptheach an fear so, ní thiubhraimís ar láimh duit é. 31 Annsin adubhairt Píoláid leo, Tógaidh libh féin é, agus beiridh breith air de réir bhúr ndlighe féin. Adubhairt na h‐Iúdaigh leis, 32 Ní dlistineach dúinne aon duine do chur chum báis: chum go gcóimhlíonfaidhe an briathar adubhairt Íosa, g‐á chur i n‐umhail cia an saghas báis do bhí i ndán dó. 33 Annsin do chuaidh Píoláid isteach san bPraetorium arís, agus do ghlaodh sé Íosa chuige, agus adubhairt sé leis, An tusa Rí na nIúdach? 34 D’fhreagair Íosa, An uait féin adeir tú sin, nó an daoine eile adubhairt leat é im’ thaobh‐sa? 35 D’fhreagair Píoláid, An Iúdach mise? Ba iad do chineadh féin agus na h‐árd‐shagairt thug ar láimh dom thú: créad atá déanta agat? 36 D’fhreagair Íosa, Ní de’n tsaoghal so mo ríoghacht: dá mba de’n tsaoghal so mo ríoghacht do throidfeadh mo mhuinntear, chum nach dtiubharthaí mé ar láimh do na h‐Iúdachaibh: acht anois ní h‐as so dom’ ríoghacht‐sa. 37 Annsin adubhairt Píoláid leis, An rí thú mar sin? D’fhreagair Íosa, Mar adeirir, is rí mé. Chuige sin rugadh mé, agus chuige sin thánag ar an saoghal, chum go dtiubhrainn fiadhnaise do’n fhírinne. Gach duine atá ar thaobh na fírinne, éisteann sé lem ghlór. 38 Adubhairt Píoláid leis, Créad is fírinne ann? Agus nuair adubhairt sé sin, do chuaidh sé amach arís chum na nIúdach, agus adubhairt sé leo, Ní fhaghaim‐se coir ar bith ann. 39 Acht atá gnáth‐nós agaibh go scaoilfinn duine saor chugaibh le linn na cásca: an áil libh, d’á bhrigh sin go scaoilfinn saor chugaibh Rí na nIúdach? 40 Annsin do liúghadar uile go léir amach arís, Ná scaoil saor an duine seo, acht Barabbas. Agus bitheamhnach ab eadh Barabbas. |
First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932
British & Foreign Bible Society