Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Eoin 6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 I n‐a dhiaidh sin do chuaidh Íosa trasna mar Galilé, is é sin muir Thibérias.

2 Agus do lean sluagh mór daoine é, mar do chonnacadar na míorbhailtí do‐rinne sé ortha‐san do bhí breoite.

3 Agus do chuaidh Íosa suas an cnoc, agus do shuidh sé annsin i bhfochair a dheisceabal.

4 Agus do bhí an cháisc, féile na nIúdach, i bhfogas.

5 Agus nuair d’árduigh Íosa a shúile, agus do chonnaic sé sluagh mór ag teacht chuige, adubhairt sé le Pilib, Cá gceannóchaimíd arán dóibh‐sean le n’ithe.

6 G‐á thriail adubhairt sé sin: óir do bhí a fhios aige féin créad do‐ghéanadh sé.

7 D’fhreagair Pilib dó, Níor leor dóibh luach dhá chéad pinginn d’arán chum go mbéadh blúire beag de ag gach duine aca.

8 Adubhairt duine d’á dheisceablaibh, Aindrias, dearbhráthair Shíomóin Peadar, leis,

9 Atá gasúr annso, go bhfuil cúig bollóga eornan agus dhá iasc aige, acht cad is fiú an méid sin idir an oiread sin daoine?

10 Adubhairt Íosa, Cuiridh na daoine ’n‐a suidhe. Agus do bhí flúirse féin san áit sin. Do shuidh na daoine síos, mar sin, tuairim agus cúig míle a líon.

11 Agus do thóg Íosa na bollóga; agus iar mbreith buidheachais dó, do roinn sé iad ortha‐san do bhí ’n‐a suidhe; agus na h‐iasca, chómh maith, an oiread díobh do theastuigh uatha.

12 Agus nuair fuaradar a sáith, adubhairt sé le n‐a dheisceablaibh, Bailighidh an sprúilleach atá fágtha, chum nach rachaidh éinnidh amugha.

13 Agus do bhailigheadar, agus do líonadar dhá chiseán déag de sprúilleach na gcúig mbollóg eornan do bhí fágtha i ndiaidh na ndaoine do bhí ag ithe.

14 Agus nuair do chonnaic na daoine an mhíorbhail do‐rinne sé, adubhradar, Go fírinneach is é seo an fáidh atá le teacht ar an saoghál.

15 Ar n‐a fheicsin d’Íosa, ámh, go rabhadar ar tí teacht, agus breith air le h‐éigean, chum rí do dhéanamh dhe, d’imthigh sé ’n‐a aonar arís suas an cnoc.

16 Agus nuair do bhí sé ’n‐a thráthnóna, do chuaidh a dheisceabail síos fá dhéin na fairrge;

17 agus do chuadar isteach i mbád, agus bhíodar ag dul trasna na fairrge go Cafarnaúm. Agus do bhí dorchadas ann an t‐am sin, agus ní tháinig Íosa chucha.

18 Agus do bhí an fhairrge ag éirghe le neart gaoithe móire do bhí ag séideadh.

19 Agus nuair do bhí fá thuairim cúig staid fichead nó deich staid fichead d’iomramh déanta aca, do chonnacadar Íosa ag siubhal ar an bhfairrge, ag tarraing i ngar do’n bhád: agus do bhí scannradh ortha.

20 Acht adubhairt seisean leo, Mise atá ann; ná bíodh eagla oraibh.

21 Annsin do b’áil leo a ghlacadh isteach chuca sa mbád: agus ar an láthair do bhí an bád ag an tír chum a rabhadar ag dul.

22 Ar n‐a bhárach na daoine do bhí ’n‐a seasamh ar an taobh thall de’n fhairrge, do chonnacadar nach raibh aon bhád eile ann, acht bád amháin, agus nach ndeachaidh Íosa i n‐éinfheacht le n‐a dheisceablaibh isteach sa mbád sin, acht gur imthigh na deisceabail leo féin

23 (tháinig báid, ámh, ó Thibérias i n‐aice na h‐áite ’n‐ar itheadar an t‐arán tar éis altuighthe an Tighearna):

24 nuair do chonnaic an sluagh nach raibh Íosa ná a dheisceabail annsin, do chuadar féin isteach ins na bádaibh, agus thángadar go Cafarnaúm ar lorg Íosa.

25 Agus nuair fuaradar é ar an taobh thall de’n fhairrge, adubhradar leis, A Rabbí, cá h‐uair tháinig tú annso?

26 D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Go fírinneach adeirim libh, Ní mar gheall ar na cómharthaibh do chonnacabhar atá sibh ’gam’ lorg, acht de chionn gur itheabhar na bollóga, agus gur sásuigheadh sibh.

27 Ná saothruighidh an biadh théigheas amugha, acht saothruighidh an biadh mhaireas go dtí an bheatha shíorraidhe, an biadh bhéarfas Mac an Duine dhaoibh: óir is airsean do chuir an t‐Athair, Dia, a shéala.

28 Uime sin adubhradar leis, Créad atá le déanamh againn, ionnas go ndéanfaimís oibreacha Dé?

29 D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Is é obair Dé, go gcreidfeadh sibh san té do chuir sé uaidh.

30 Annsin adubhradar leis, Créad é an cómhartha do‐ghní tusa chum go bhfeicfimís é, agus go gcreidfimís ionnat?

31 Créad é an gníomh do‐ghní tú? D’ith ár n‐aithreacha an manna sa bhfásach; mar atá scríobhtha, Thug sé arán ó neamh le n’ithe dhóibh.

32 Annsin adubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, Níorbh é Maois thug an t‐arán ó neamh daoibh; acht is é m’Athair do‐bheir an fíor‐arán ó neamh daoibh.

33 Óir is é arán Dé an t‐arán thig ó neamh anuas agus do‐bheir beatha do’n tsaoghal.

34 Annsin adubhradar leis, A Thighearna, tabhair an t‐arán sin dúinn i gcómhnaidhe.

35 Adubhairt Íosa leo, Is mise arán na beathadh: an té thig chugam‐sa, ní bhéidh ocras go bráth air, agus an té chreideas ionnam‐sa, ní bhéidh tart go bráth air.

36 Acht adubhairt mé libh go bhfaca sibh mé agus nach gcreideann sibh.

37 Gach a dtugann an t‐Athair dhom, tiocfaidh sé chugam, agus an té thig chugam ní chuirfidh mé uaim é ar chor ar bith.

38 Óir ní chum mo thoil féin do dhéanamh tháinig mé anuas ó neamh, acht chum toil an té do chuir uaidh mé do dhéanamh.

39 Agus is é toil an té do chuir uaidh mé nach gcaillfinn aoinneach díobh‐san atá tabhartha aige dhom, acht go dtógfainn suas é an lá deiridh.

40 Óir is é toil m’Athair, an uile dhuine do‐chí an Mac, agus chreideas ann, go bhfaigheadh sé an bheatha shíosraidhe, agus tógfad‐sa é an lá deiridh.

41 Agus do bhí na h‐Iúdaigh ag ceisneamh ’n‐a thaobh, toisc go ndubhairt sé, Is mise an t‐arán tháinig anuas ó neamh.

42 Agus adubhradar, Nach é seo Íosa mac Sheosaimh, go bhfuil aithne againn ar a athair agus ar a mháthair? cionnas, d’á bhrigh sin, adeir sé, Tháinig mé anuas ó neamh?

43 D’fhreagair Íosa agus adubhairt sé leo, Ná bidhidh ag ceisneamh eadraibh féin.

44 Ní féidir le h‐aon duine teacht chugam‐sa, muna dtarraingidh an t‐Athair do chuir uaidh mé, é: agus tógfad‐sa suas é an lá deiridh.

45 Atá scríobhtha ins na fáidhibh, Agus béidh siad uile d’á dteagasc ag Dia. Gach duine d’éist leis an Athair, agus d’fhoghlaim, tagann sé chugam‐sa.

46 Ní h‐é go bhfaca aon duine an t‐Athair, acht amháin an té atá ó Dhia, do chonnaic seisean an t‐Athair.

47 Go fírinneach adeirim libh, An té chreideas, atá an bheatha shíorraidhe aige.

48 Is mise arán na beathadh.

49 D’ith bhúr n‐aithreacha an manna sa bhfásach, agus fuaradar bás.

50 Is é seo an t‐arán tháinig anuas ó neamh, go n‐íosfadh duine é, agus nach bhfaigheadh sé bás.

51 Is mise an t‐arán beo tháinig anuas ó neamh: má itheann duine an t‐arán so, mairfidh sé go deoidh: agus an t‐arán do‐bhéarfad‐sa, is é m’fheoil é, tugadh chum beathadh an tsaoghail.

52 Annsin d’éirigh aighneas idir na h‐Iúdaigh, agus adubhradar, Cionnas is féidir do’n fhear so a chuid feola do thabhairt dúinn le n’ithe?

53 D’á bhrigh sin adubhairt Íosa leo, Go fírinneach adeirim libh, Muna n‐ithidh sibh feoil Mhic an Duine, agus muna n‐ólaidh sibh a fhuil, ní fhuil aon bheatha ionnaibh.

54 An té itheas m’fheoil agus ólas m’fhuil, atá an bheatha shíorraidhe aige, agus tógfad‐sa é an lá deiridh.

55 Óir is fír‐bhiadh m’fheoil‐se, agus is fír‐dheoch m’fhuil‐se.

56 An té itheas m’fheoil agus ólas m’fhuil, cómhnuigheann sé ionnamsa, agus cómhnuighim‐se ann.

57 Fá mar chuir an t‐Athair sír‐bheo mise uaidh, agus gur tríd an Athair mhairimse: mar an gcéadna an té itheas mise, is tríom‐sa mhaireas sé.

58 Is é seo an t‐arán tháinig anuas ó neamh: ní h‐ionann é agus an t‐arán d’ith bhúr n‐aithreacha agus fuair bás: an té itheas an t‐arán so, mairfidh sé go deoidh.

59 Adubhairt sé an méid sin sa tsionagóig agus é ag teagasc i gCafarnaúm.

60 Ar an adhbhar sin, a lán d’á dheisceablaibh nuair do‐chualadar é, adubhradar, Is cruaidh an chainnt í sin, cia d’fhéadfadh éisteacht léi?

61 Acht, ó bhí a fhios ag Íosa go raibh a dheiseabail ag cannrán ’n‐a thaobh so, adubhairt sé leo, An bhfuil sin ’n‐a chás oraibh?

62 Agus dá bhfeiceadh sibh Mac an Duine ag dul suas mar a raibh sé ar dtús?

63 Is í an spioraid do‐bheir beatha; ní fhuil tairbhe ar bith sa bhfeoil: na briathra atá ráidhte agam libh, is spioraid agus is beatha iad.

64 Acht atá cuid agaibh nach gcreideans. Óir do bhí a fhios ag Íosa ó thosach cia’rbh iad nár chreid, agus cia’rbh é do bhí chum é do bhraith.

65 Agus adubhairt sé, Is ar an adhbhar sin adubhairt mé libh nach féidir le h‐aoinneach teacht chugam muna bhfuil tabhartha ag m’Athair dhó teacht.

66 Ó’n uair sin amach do thréig mórán d’á dheisceablaibh é, agus níor shiubhladar a thuilleadh leis.

67 Adubhairt Íosa, d’á bhrigh sin, leis an dáréag, Arbh áil libh‐se imtheacht, leis?

68 D’fhreagair Síomón Peadar é, A Thighearna, cia chum a rachaimís? is agat‐sa atá briathra na beathadh síorraidhe.

69 Agus creidimíd‐ne, agus atá a fhios againn gur tusa Aon Naomhtha Dé.

70 D’fhreagair Íosa dhóibh, Nár thoghas‐sa sibh‐se, dáréag, agus duine agaibh ’n‐a dhiabhal?

71 Agus is do Iúdás Shíomóin Iscariót do bhí sé ag tagairt, óir ba eisean do bhí chum é do bhrath, agus gur duine de’n dáréag é.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí