Agus do leath a chlú ar fud tíre na Sithre ar fad, agus tugadh chuige iad‐san go léir ar a raibh easláinte, iad do bhí cráidhte le galaraibh ilghnéitheacha agus le piantaibh, agus go raibh deamhain ionnta, daoine go raibh an galar tuitimeach agus pairilis ortha; agus do leigheas sé iad.
Agus sa gcúigeadh bliadhain déag de réimeas Thiberius Céasar, an tráth ’n‐a raibh Point Píoláid ’n‐a cheannphort ar lúdaea, agus Ioruath ’n‐a thetrarcha ar an nGaililé, agus Pilib a dhearbhráthair ’n‐a thetrarcha ar Itúraea agus ar Thrachónítis, agus Lusanias ’n‐a thetrarcha ar Abiléne,
do bhí i bhfochair an phróconsúil, Sergius Paulus, fear tuigseanach. Do ghlaodh seisean Barnabas agus Saul chuige, agus ba mhian leis briathar Dé do chlos.
Acht an tráth ’n‐a raibh Gallió ’n‐a phróconsúl i nAcháia, d’éirigh na h‐Iúdaigh de thoil a chéile i gcoinnibh Phóil, agus thugadar os cómhair cathaoireach an bhreitheamhnais é,
I n‐a dhiaidh sin d’éirigh Iúdás ó’n nGalilé i n‐aimsir an chómhairimh, agus tharraing sé daoine ’n‐a dhiaidh: fuair seisean bás, leis; agus do scaipeadh an dream go léir do lean é.