Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Gníomhartha 18 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 I n‐a dhiaidh sin d’imthigh sé ó Chathair na h‐Aithne, agus tháinig sé go Coirinnt.

2 Agus fuair sé Iúdach áirithe annsin darbh ainm Aculas, fear rugadh i bPontus, tháinig tamall roimhe sin ó’n Iodáil, mar aon le n‐a bhainchéile Priscilla, de bhrigh gur órduigh Claudius do na h‐Iúdachaibh go léir imtheacht ó’n Róimh:

3 agus tháinig sé chuca‐san; agus, toisc é bheith ar aon cheárd leo, d’fhan sé aca, agus d’oibrigh sé ’n‐a bhfochair, óir ba dhéantóirí pailliún iad de réir ceirde.

4 Agus gach sabóid do bhí ann bhíodh sé ag pléidhe san tsionagóig, ag iarraidh Gréagaigh agus Iúdaigh do thabhairt leis.

5 Acht nuair tháinig Sílas agus Timótéus anuas ó’n Maiceadóin, do labhair Pól an briathar le lán‐dúthracht, g‐á dhearbhú do na h‐Iúdachaibh gur ab é Íosa an Críost.

6 Agus nuair do chuireadar ’n‐a choinnibh, ag cainnt go masluightheach, do chroth sé a chuid éadaigh, agus adubhairt sé leo, Ar bhúr gceann féin go raibh bhúr gcuid fola; atáim‐se glan: as so amach rachfad chum na gCineadhach.

7 Agus d’imthigh sé ó’n áit sin, agus do‐chuaidh sé isteach i dtigh duine darbh ainm Titus Iustus, duine do bhí umhal do Dhia, go raibh a theach láimh leis an tsionagóig.

8 Agus do chreid Crispus, uachtarán na sionagóige, san Tighearna, é féin agus muinntear a theaghlaigh go léir; agus do chreid mórán de na Coirinnteachaibh do bhí ag éisteacht leis, agus do baisteadh iad.

9 Agus adubhairt an Tighearna le Pól i n‐aisling na h‐oidhche, Ná bíodh eagla ort, acht labhair gan do bhéal do chosc:

10 óir atáim‐se leat, agus ní thiocfaidh aoinneach dod’ ionnsaighe le dochar do dhéanamh dhuit: óir atá a lán mór daoine agam san gcathair seo.

11 Agus d’fhan sé annsin bliadhain agus sé mí, ag teagasc briathair Dé ’n‐a measc.

12 Acht an tráth ’n‐a raibh Gallió ’n‐a phróconsúl i nAcháia, d’éirigh na h‐Iúdaigh de thoil a chéile i gcoinnibh Phóil, agus thugadar os cómhair cathaoireach an bhreitheamhnais é,

13 g‐á rádh, Atá an fear so g‐á thafann orainn Dia d’adhradh i n‐aghaidh an reachta.

14 Acht nuair do bhí Pól ag tosnú ar labhairt, adubhairt Gallió leis na h‐Iúdachaibh, Dá mba ceist éagcóra nó cuirptheachta é, a Iúdacha, ba cheart go dtiubhrainn éisteacht daoibh:

15 acht má’s ceisteanna i dtaobh focal agus anmann, agus i dtaobh bhúr ndlighe féin é, féachaidh féin chuige; ní h‐áil liom‐sa bheith im’ bhreitheamh ar a leithéidibh sin.

16 Agus do chuir sé as cathaoir an bhreitheamhnais amach iad.

17 Agus rugadar uile ar Shostenés, uachtarán na sionagóige, agus do bhuaileadar é os cómhair cathaoireach an bhreitheamhnais. Agus níor chuir Gallió suim dá laighead ins na neithibh sin.

18 Agus tar a éis do Phól tamall maith eile do chaitheamh annsin, d’fhág sé slán ag na bráithreachaibh, agus do chuaidh sé ar luing go Siria, agus Priscilla agus Aculas i n‐éinfheacht leis; tar éis a chinn do bhearadh i gCenchréa: óir do bhí ceangal móide air.

19 Agus tháinig siad go h‐Eiféis, agus d’fhág sé annsin iad: acht do chuaidh sé féin isteach san tsionagóig, agus do bhí sé ag diospóireacht leis na h‐Iúdachaibh.

20 Agus nuair d’iarradar air fanamhain ní b’fhuide, níor thoiligh sé chuige;

21 acht d’fhág sé slán aca, g‐á rádh, Fillfead cugaibh arís, má’s toil le Dia é, agus d’imthigh sé ar luing ó Eiféis.

22 Agus ar ndul i dtír dhó i gCéasaria, do chuaidh sé suas ag cur tuairisce na h‐eaglaise, agus annsin chuaidh sé síos go h‐Antuaigh.

23 Agus tar a eis do tamall do chaitheamh annsin, d’imthigh sé, agus do ghluais sé ar fud réigiúin Ghalátia agus Frigia i ndiaidh a chéile, ag neartú na ndeisceabal go léir.

24 Agus tháinig go h‐Eiféis Iúdach amháin darbh ainm Apollós, Alecsandríneach, fear an‐léigheanta, agus eolas mór ar na scrioptúiribh aige.

25 Do bhí an fear so oilte i slighe an Tighearna; agus ó bhí díoghrais croidhe aige, do labhair agus do mhúin sé go cruinn i dtaobh Íosa, gan ar eolas aige acht baisteadh Eoin:

26 agus do thosnuigh sé ar labhairt go dána san tsionagóig. Acht nuair d’éist Priscilla agus Aculas leis, thugadar leo é, agus do mhínigheadar slighe an Tighearna ní ba chruinne dhó.

27 Agus nuair do cheap sé imtheacht go h‐Acháia, thug na bráithreacha meisneach dhó, agus do scríobhadar chum na ndeisceabal g‐á iarraidh ortha a ghlacadh: agus nuair tháinig sé, thug sé congnamh mór dóibh‐sean do chreid tré ghrása:

28 óir do sháruigh sé go bríoghmhar ar na h‐Iúdachaibh go poiblidhe san diospóireacht, g‐a chrothú dhóibh gurbh é Íosa an Críost.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí