Agus dubhairt Ábraham leis: Cuimhnig, a mhic, conus mar a fuarais-se neithe fóghanta i gcaitheamh do bheatha agus go bhfuair Lasarus droch-neithe; ach anois tá sé seo i sólás agus tusa i bpéin.
Matha 5:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Is aoibhinn do lucht ceannsachta, mar isiad a gheóbhaidh seilbh na talmhan. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) “Is beannaithe lucht an dobróin, mar tabharfar sólás dóibh. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Is beannuighthe na daoine ceannsa: óir béidh sealbh an talaimh acu. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Is aoibhinn dóibh‐sean do‐ghní dobrón, mar do‐gheobhaid sólás. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Is beannuighthe na daóine do ní dobhrón: óir do gheabha síad sólás. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 “Is méanar do lucht an dobróin, óir sólásófar iad. An Bíobla Naofa 1981 “Is méanar do lucht an dobróin, óir sólásófar iad. |
Agus dubhairt Ábraham leis: Cuimhnig, a mhic, conus mar a fuarais-se neithe fóghanta i gcaitheamh do bheatha agus go bhfuair Lasarus droch-neithe; ach anois tá sé seo i sólás agus tusa i bpéin.
Is aoibhinn daoibh-se ar a bhfuil an t-ocras anois, óir gheobhaidh sibh bhúr sáith. Is aoibhinn daoibh-se atá anois ag gol, óir gáirfidh sibh.
Is mairg daoibh-se atá sáitheach, óir beidh sibh ocrach. Is mairg daoibh-se atá anois ag gáirí, óir beidh sibh ag gol agus ag caoi.
Agus sheasaimh sí lastiar i n-aice a chos, agus chrom sí ar a chosaibh do nighe le n-a deóraibh, agus ar iad do thriomú le n-a gruaig, agus bhi sí ag pógadh a chos agus ag cimilt na h-ola dhíobh.
Agus dubhairt seisean leis an mnaoi: Do shlánuigh do chreideamh thu; imthigh i síothcáin.