Ansan tháinig sé chun na ndeisgiobul, agus dubhairt leó: Deinid codladh anois, agus glacaidh suaimhneas: féach, tá an uair buailte linn agus tabharfar Mac an Duine i lámhaibh na bpeacach.
Matha 26:46 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Eirighidh, gluaisimís: Féach, tá an fear a bhrathfaidh mé ag teacht. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Éirígí agus imímis; féachaigí, seo chugainn an té a rinne an feall orm.” Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Éirighigidh, téighimís: féach, tá an té a bhraithfeas mé i n-aice linn. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Éirighidh, bímís ag gluaiseacht: féach, an té bhraithfeas mé, atá sé i bhfogas dúinn. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Eírghidh, bíom ag imtheachd, féuch, is fogus duinn an té bhraitheas misi. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Éirígí! Bímis ag gluaiseacht! Seo chugainn fear mo bhraite.” An Bíobla Naofa 1981 Éirígí! bímis ag gluaiseacht! Seo chugainn fear mo bhraite.” |
Ansan tháinig sé chun na ndeisgiobul, agus dubhairt leó: Deinid codladh anois, agus glacaidh suaimhneas: féach, tá an uair buailte linn agus tabharfar Mac an Duine i lámhaibh na bpeacach.
Agus é ag rádh na bhfocal san, féach, tháinig Iúdás, duine de’n dáréag, agus sluagh le n-a chois a chuir uachtaráin na sagart agus seanóirí an phobuil leis, agus claidhmhte acu agus bataí.
Agus tá agam baisteadh le n-a mbaistfar mé, agus cad é mar atáim i gcúmhangracht go dtí go gcómhlionfar é!
Agus dubhairt sé leó: Ba mhór é mo mhian an cháisg seo dh’ithe ’nbhur bhfochair roimh fhulang dom;
Agus do thárla, fé mar a bhí laethanta a dheasgabhála d’á gcríochnú, go raibh a ghnúis daingean aige féin ar dhul go Ierúsalem.
Ach ionus go n-aithneóchadh an domhan go bhfuil grádh agam do’n Athair; agus do réir mar a thug an t-Athair órdú dhom, is mar sin a dheinim. Eirighidh, imthighmís asso.
D’iompuigh Peadar agus chonaic sé an deisgiobul eile, an t-é dob’ ionmhuin le h-Íosa, ag leanmhaint, an t-é do luigh ar a ucht ag an suipéar agus adubhairt: A Thíghearna, cé h-é an fear a dhíolfaidh thú?
Ansan dubhairt Pól ’ár bhfreagrad: Cad tá agaibh á dhéanamh, ag gol agus ag cur buartha ar mo chroide? Táimse ollamh, ní h-amháin chun ceangail d’fhulag ach fós chun báis d’fhulag, ar son ainime an Tighearna Íosa.