Cá bhfuil an rí seo na n-Iúdach atá beirthe? Mar do chonacamairne a réalt sa domhan toir agus thánamair chun é dh’adhradh.
Matha 2:3 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Nuair airigh Héród, an rí, an méid sin tháinig buaireamh air, agus ar Ierúsalem go léir chómh maith. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Nuair a chuala an rí Iorua sin, bhí coscairt intinne air féin, agus ar mhuintir Iarúsailéim uile maraon leis; Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus nuair a d’airigh rí Ioruadh seo, bhí buaidhreamh air, agus ar Ierusalem uilig ina theannta. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Acht nuair do‐chuala an rí Ioruath sin, tháinig buaidhreadh air‐sean, agus ar Iarúsalem uile, chómh maith. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Achd an tráth do chuálaidh an rí Ioruath sín, do bhí sé ar na bhúaidhreadh, agus Iárusaleim uile maille ris. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Nuair a chuala Héaród rí an méid sin, bhí sé corraithe, agus Iarúsailéim go léir mar an gcéanna. An Bíobla Naofa 1981 Nuair a chuala Héaród rí an méíd sin, bhí sé corraithe, agus Iarúsailéim go léir mar an gcéanna. |
Cá bhfuil an rí seo na n-Iúdach atá beirthe? Mar do chonacamairne a réalt sa domhan toir agus thánamair chun é dh’adhradh.
Agus chruinnigh sé uachtaráin na sagart agus sgríbhneóirí an phobuil, agus d’fhiafraigh sé dhíobh cá mbéarfaí Críost.
A Ierúsalem, a Ierúsalem, a mharbhuigheann na fáidhe, agus a ghabhann do chlochaibh ins na daoine a curtar chúghat, cad é a mhiniceacht dob’ áil liom do chlann a bhailiú chugham mar a bhailigheann an chearc a h-ál fé n-a sgiathánaibh, agus níor bh’áil leat!
Agus aireóchaidh sibh cogaí agus ráflaí ar chogaíbh. Seachnaidh agus ná bíodh buaireamh oraibh; mar ní foláir na neithe sin do theacht, ach ní h-é an deire fós é.
Agus féach, do liúghadar agus dubhradar: Cad é sin dúinne thusa, a Íosa, a Mhic Dé? Ar tháinís anso roim an aimsir chun pionóis a chur orainn?
Ach nuair a dh’aireóchaidh sibh cogaí agus ráflaí ar chogaíbh, ná bíodh eagal oraibh, óir ní foláir iad san a bheith ann; ach ní hé au deire fós é.
Agus doilghíos ortha toisg iad a bheith ag teagasg an phobhuil agus ag craobhsgaoile na h-aiseiríghe ó sna mairbh i n-Íosa.