Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 24:6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus aireóchaidh sibh cogaí agus ráflaí ar chogaíbh. Seachnaidh agus ná bíodh buaireamh oraibh; mar ní foláir na neithe sin do theacht, ach ní h-é an deire fós é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Agus cluinfidh sibh faoi chogaí agus cluinfidh sibh iomráite cogaí; seachnaigí gan faitíos a bheith oraibh; mar caithfidh sin titim amach, ach níl an chríoch ann fós.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Óir cluinfidh sibh fá chogtha agus fá ghártha cogaidh. Tabhairigidh aire agus ná bíodh buaidreamh oraibh: caithfidh na neithe sin tuitim amach, acht ní h-é an deireadh é go fóill.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus do‐chluinfidh sibh trácht ar chogaidhibh agus ráflaí ar chogadh: féachaidh chuige nach dtiocfaidh buaidhirt aigne oraibh: óir caithfidh na neithe sin do theacht chum críche; acht ní fhuil an deireadh ann fós.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Do chluinfithí cogthuidh agus túarasgbháil cogthadh: tabhruidh dá bhur naire gan búaidhreadh do bheith oruibh: oír is éigin na neithesi uile do theachd chum críche, achd ní bhfuil deireadhann fós.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Cluinfidh sibh cogaí agus caint ar chogaí; seachnaígí agus ná glacaigí scéin, óir ní foláir an uile ní a theacht chun cinn, ach ní hé an deireadh fós é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Cluinfidh sibh cogaí agus caint ar chogaí; seachnaígí agus ná glacaigí scéin, óir ní foláir an uile ní a theacht chun cinn, ach ní hé an deireadh fós é.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 24:6
32 Tagairtí Cros  

Nuair airigh Héród, an rí, an méid sin tháinig buaireamh air, agus ar Ierúsalem go léir chómh maith.


Agus craobhsgaoilfar an soisgéal so na rígheachta tríd an ndomhan go léir mar fhiadhnaise do sna geintibh go léir; agus ansan tiocfaidh an críochnú.


Conus, d’á bhrígh sin, a cómhlíonfar an scriptiúir, óir ní foláir a thuitim amach mar seo.


I nbhúr bhfoidhne a choimeádfaidh sibh bhúr n-anamnacha.


Agus nuair a dh’aireóchaidh sibh cathana agus caismeartha ná biodh sgannradh oraibh, óir ní foláir na neithe sin a theacht ar dtúis, ach ní deire láithreach é fós.


Óir deirim libh nách foláir an méid seo fós atá sgríobhtha do chómlíonadh ionam-sa: Agus do luadhadh é le cuirptheachaibh: óir, na neithe a bhaineann liom, tá deire leó.


Ná tagadh buaireamh an bhúr gcroidhe. Creideann sibh i nDia; creididh ionam-sa leis.


Fágaim síothcháin agaibh; tugaim mo shíothcháin daoibh; ní mar a thugann an saoghal a thugaim-se dhaoibh. Ná bíodh buaireamh ar bhúr gcroidhe, ná eagla.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí