Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 7:17 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus do leath an focal san amach ’n-a thaobh tré Iúdaéa go léir agus tríd an ndúthaigh mór-thímpal;

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Agus leathnaigh an t‑iomrá faoi ar fud Iúdaea agus na ndúichí uile ina thimpeall.

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus chuaidh an scéal seo fá dtaoibh de amach fríd Iudaia go h-iomlán, agus fríd an tír uilig thart timcheall.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus do leath an tuaraisc seo amach ar fud Iúdaea ar fad, agus ar fud na dúithche má gcuaird.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do chúaidh an túarasgbháil so amach air féadh thíre Iúdaighe uile, agus air feadh gach éintíre timcheall.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Agus leath an tuairisc sin air ar fud Iúdáia go léir agus ar fud na tíre go léir timpeall.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Agus leath an tuairisc sin air ar fud Iúdáia go léir agus na tíre go léir timpeall.

Féach an chaibidil



Lúcás 7:17
8 Tagairtí Cros  

Ansan, nuair a rugadh Íosa i mBetlehem Iúda, i laethibh an rí Héróid, tháinig draoithe ó’n ndomhan toir go Ierúsalam, agus dubhradar:


Agus do leath a chlú ar fuid Siria go léir, agus do tugadh ag triall air na daoine go léir a bhí as a sláinte, gabhtha le galaraibh agus le piantaibh, agus daoine go raibh deamhain ionta, agus daoine a bhí as a meabhair, agus daoine a bhí gan lúth, agus do leighis sé iad.


Agus do leath an sgéal san ar fuid na tíre sin go léir.


Ach nuair a chuadar-san amach, do leathadar a chlú ar fuid na tíre sin go léir.


Agus do ghluais a thuairisg láithreach tré crích Ghaililí go léir.


Agus d’airigh Héród, an rí, (óir bhí a ainim-sin puibilidhe), agus deireadh sé: Tá Eóin Baiste eirighthe ós na mairbh, agus d’á bhrígh sin táid cómhachta d’á n-oibriú tríd.


Agus tháinig Íosa, i gcómhacht an Spioraid, thar n-air go Gaililí agus chuaidh a cháil amach ar fuid na tíre sin go léir.


Agus tháinig sé agus chuir sé a lámh ar an gcómhrainn. (Agus do stad an mhuintir a bhí ag iompar na cómhran.) Agus dubhairt sé: A óigfhir, deirim leat, eirigh.