Lúcás 2:4 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)
Agus chuaidh Ióseph ó Ghaililí, ó chathair Nasareit, suas go Iúdaéa, go cathair Dháibhid ar a dtugtar Betlehem, toisg go mba de theaghlach agus de shliocht Dáibhid é.
Féach an chaibidil
Agus chuaigh Iósaf suas mar dhuine ó Ghalailí, ó chathair Nasair, go hIúdaea, go cathair Dháibhí dá ngairtear Bétlehem, ós rud é go mba de theaghlach Dháibhí é féin de réir folaíochta,
Féach an chaibidil
Agus chuaidh Ióseph fosta suas as an Ghailile, ó chathair na Nasaire, go h-Iudaia, go cathair Dháibhidh, ar a dtugtar Beithil, siocair gurbh de theaghlach agus de shliocht Dháibhidh é,
Féach an chaibidil
Agus do chuaidh Seosamh, leis, ó’n nGalilé, ó chathair Nasaire, suas go h‐Iúdaea, go chathair Dháibhi, ar a dtugtar Beithil, de bhrigh gur de theaghlach agus de shliocht Dháibhi é;
Féach an chaibidil
Agus do chúaidh Ióseph mar an gcéudna súas ón Ghalilé, as an gcathraigh Nasarét, go tír Iúdaighe, go cathruigh Dhaibhi, dá ngoirthear Bétleem; do bhrígh go raibh sé do thigh agus do shliochd Dháibhí:
Féach an chaibidil
Agus chuaigh Iósaef freisin suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threabhchas Dháiví é féin,
Féach an chaibidil
Agus chuaigh Iósaef freisin suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threabhchas Dháiví é féin,
Féach an chaibidil