Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:4 - An Bíobla Naofa 1981

4 Agus chuaigh Iósaef freisin suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threabhchas Dháiví é féin,

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

4 Agus chuaigh Iósaf suas mar dhuine ó Ghalailí, ó chathair Nasair, go hIúdaea, go cathair Dháibhí dá ngairtear Bétlehem, ós rud é go mba de theaghlach Dháibhí é féin de réir folaíochta,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

4 Agus chuaidh Ióseph fosta suas as an Ghailile, ó chathair na Nasaire, go h-Iudaia, go cathair Dháibhidh, ar a dtugtar Beithil, siocair gurbh de theaghlach agus de shliocht Dháibhidh é,

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

4 Agus do chuaidh Seosamh, leis, ó’n nGalilé, ó chathair Nasaire, suas go h‐Iúdaea, go chathair Dháibhi, ar a dtugtar Beithil, de bhrigh gur de theaghlach agus de shliocht Dháibhi é;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

4 Agus do chúaidh Ióseph mar an gcéudna súas ón Ghalilé, as an gcathraigh Nasarét, go tír Iúdaighe, go cathruigh Dhaibhi, dá ngoirthear Bétleem; do bhrígh go raibh sé do thigh agus do shliochd Dháibhí:

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

4 Agus chuaidh Ióseph ó Ghaililí, ó chathair Nasareit, suas go Iúdaéa, go cathair Dháibhid ar a dtugtar Betlehem, toisg go mba de theaghlach agus de shliocht Dáibhid é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

4 Agus chuaigh Iósaef freisin suas ón nGailíl, ó chathair Nazarat, go hIúdáia, go dtí cathair Dháiví ar a nglaotar Beithil, de bhrí gur de theaghlach agus de threabhchas Dháiví é féin,

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:4
24 Tagairtí Cros  

Fuair Ráchael bás mar sin agus adhlacadh í ar an mbealach go hEafrát, is é sin Beithil.


Ar m'aistear dom ó Phadan Arám bhí sé de dhólás agam go bhfuair Ráchael bás i dtír Chanán, agus sinn tamall fós ó Eafrát. Rinne mé í a adhlacadh ansiúd ar an mbóthar go hEafrát, i mBeithil.”


Sin é an fáth a dtréigfidh Dia iad go dtí go mbéarfar mac di siúd, a bhfuil tinneas clainne uirthi, ansin fillfidh iarmhar a bhráithre ar chlann Iosrael.


Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é.


agus chuir faoi i mbaile ar a dtugtar Nazarat; chun go gcomhlíonfaí a ndúradh trí na fáithe: “Tabharfar Nazórach air.”


Agus chuaigh cách chun a gcláraithe, gach aon duine go dtí a chathair féin.


chun a chláraithe mar aon le Muire, a bhean chéile, a bhí ag iompar clainne.


Tháinig sé go Nazará, mar ar oileadh é, agus chuaigh isteach mar ba ghnáthbhéas dó sa tsionagóg lá na sabóide, agus d'éirigh ina sheasamh chun an léitheoireacht a dhéanamh.


Dúirt Natanael: “As Nazarat? An féidir aon ní fónta a theacht as sin?” “Tar agus feic,” a dúirt Pilib leis.


Nach ndeir an scrioptúr gur de shíol Dháiví, agus ó bhaile na Beithile, mar a raibh Dáiví, atá an Críost ag teacht?”


Chuadar araon ar aghaidh nó gur thángadar go Beithil. Nuair a shroicheadar Beithil suaitheadh an chathair go léir dá mbarr. “An í seo Náoimí?” a deireadh na mná.


Seo Boaz ag teacht ó Bheithil agus bheannaigh do na buanaithe: “Go raibh an Tiarna libh,” ar sé. D'fhreagair siadsan: “Go mbeannaí an Tiarna thú féin.”


Dúirt a raibh ag an ngeata agus na seanóirí: “Is finnéithe sinn. Go ndéana an Tiarna an bhean atá ag teacht ar do theaghlach a thabhairt ar aon dul le Ráchael agus le Léá, an bheirt a thóg suas teaghlach Iosrael as láimh a chéile. Go raibh an rath ort in Eafrátá, agus cáil ort i mBeithil.


Agus thug mná na comharsanachta ainm air. “Saolaíodh mac do Náoimí,” a dúradar, agus thugadar Óbaed air. Ba eisean athair Ieise, athair Dháiví.


Dúirt an Tiarna le Samúéil: “Cá fhad a bheidh tú buartha mar gheall ar Shól ó dhiúltaigh mise dó feasta mar rí ar Iosrael? Líon d'adharc d'ola agus imigh leat. Táim do do chur go Ieise ó Bheithil, óir tá rí roghnaithe agam dom féin i measc a chlann mhac.”


Rinne Samúéil mar a dúirt an Tiarna leis agus chuaigh go Beithil. Tháinig seanóirí an bhaile ina airicis agus iad ar ballchrith agus dúirt siad: “An mar chara a thagann tú?”


Mac le hEafrátach ó Bheithil darbh ainm Ieise a ba ea Dáiví. Bhí ochtar mac ag Ieise, agus le linn Shól bhí sé aosta cheana féin agus [anonn sna blianta].


“Cé leis thú, a fhir óig?” d'fhiafraigh Sól de; d'fhreagair Dáiví: “Le do shearbhónta Ieise ó Bheithil.”


Má thugann d'athair faoi deara mé a bheith as láthair, caithfidh tú a rá: ‘D'impigh Dáiví go díograiseach orm cead a thabhairt dó brostú leis go Beithil, a bhaile féin, mar go bhfuil an íobairt bhliantúil don fhine go léir á ceiliúradh ansiúd.’


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí