Bíobla ar líne

Fógraí


An Bíobla ar fad Sean-Tiomna Tiomna Nua




Lúcás 1:6 - Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

Agus bhí an bheirt fíoraonta i láthair Dé ag siubhal i n-aitheantaibh agus i ndlistineasaibh an Tighearna, go h-iomlán, gan cháim.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

Bʼfhiréanta an lánúin iad i láthair Dé, agus dlíthe agus reachta Dé á gcoinneáil acu gan locht dá laghad orthu,

Féach an chaibidil

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

Agus bhí siad araon cóir i láthair Dé, ag siubhal gan cháim do réir aitheanta agus deasghnátha an Tighearna go h-iomlán.

Féach an chaibidil

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

Agus do bhíodar, beirt, fíréanta i bhfiadhnaise Dé, ag siubhal gan locht de réir gach aithne agus reachta an Tighearna.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

Agus do bhádar a ráon na ndáoinibh fíreanta a bhfíadhnuisi Dé, ag siobhal go neimhchiontach ann uile aitheantuibh agus órduighthibh an Tighearna.

Féach an chaibidil

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir aitheanta agus reachtanna uile an Tiarna.

Féach an chaibidil

An Bíobla Naofa 1981

Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir uile aitheanta agus reachta an Tiarna.

Féach an chaibidil



Lúcás 1:6
33 Tagairtí Cros  

Agus ní raibh clann acu, mar bhí Elisabet aimrid agus bhíodar araon ana-aosta.


Agus dubhairt sé leó: Is sibh-se a dheineann sibh féin fíoraonta i súilibh daoine, ach is eól do Dhia bhúr gcroidhthe; agus an rud atá árd i súilibh daoine, tá gráin ag Dia air.


Agus féach, bhí i n-Ierúsalem duine dár bh’ainim Simeón, agus bhí an duine sin fíoraonta, diadha, ag súil le sólás Israéil, agus bhí an Spioraid Naomh ann.


Óir deir Dáibhid ’n-a thaobh: “Do chínn roim sé an Thighearna am fhiadhnaise do ghnáth, óir tá sé ar mo dheis, ionus ná corrófí mé.


D’fhéach Pól ar an gcómhairle agus dubhairt sé: A fheara, a bhráithre, tá mo ghnó déanta agamsa i ngach deagh-choínsias, i dtaobh Dé, go dtí an lá so indiu againn.


Táim féin ag déanamh mo dhíchill air seo, mo choínsias a chimeád glan i gcómhnuighe chun Dé agus chun daoine.


Ní’l páirt ná baint agatsa leis an ngnó so, mar ní díreach do chroidhe i láthair Dé.