Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 1:6 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

6 Agus do bhíodar, beirt, fíréanta i bhfiadhnaise Dé, ag siubhal gan locht de réir gach aithne agus reachta an Tighearna.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

6 Bʼfhiréanta an lánúin iad i láthair Dé, agus dlíthe agus reachta Dé á gcoinneáil acu gan locht dá laghad orthu,

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

6 Agus bhí siad araon cóir i láthair Dé, ag siubhal gan cháim do réir aitheanta agus deasghnátha an Tighearna go h-iomlán.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Agus do bhádar a ráon na ndáoinibh fíreanta a bhfíadhnuisi Dé, ag siobhal go neimhchiontach ann uile aitheantuibh agus órduighthibh an Tighearna.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

6 Agus bhí an bheirt fíoraonta i láthair Dé ag siubhal i n-aitheantaibh agus i ndlistineasaibh an Tighearna, go h-iomlán, gan cháim.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

6 Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir aitheanta agus reachtanna uile an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

6 Bhí siad araon fíréanta i bhfianaise Dé, ag tabhairt a saoil gan locht de réir uile aitheanta agus reachta an Tiarna.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 1:6
33 Tagairtí Cros  

Agus ní raibh aon chlann aca, óir do bhí Elisabet aimrid, agus do bhíodar beirt aosta go mór.


Agus adubhairt sé leo, Is sibh‐se an dream mhaoidheas as bhúr bhfíréantacht féin i bhfiadhnaise na ndaoine; acht is eol do Dhia bhúr gcroidheacha istigh: óir an nidh atá fá árd‐mheas i measc daoine, is gráin le Dia é.


Agus féach, do bhí i nIarúsalem fear darbh ainm Simeon; agus do bhí an fear so fíréanta, diadha, agus é ag súil le sólás Israel: agus do bhí an Spiorad Naomh air.


Óir is é adeir Dáibhi ’n‐a thaobh, Do chonnacas an Tighearna i gcómhnaidhe ar m’fhiadhnaise rómham; Óir atá sé ar mo dheis, chum nach gcorróchaidhe mé:


Annsin, d’fhéach Pól go grinn ar an árd‐chómhairle, agus adubhairt sé, A bhráithreacha, do chaitheas mo shaoghal i bhfiadhnaise Dé le deagh‐choinsias glan go dtí an lá so.


Chuige seo is eadh atáim ag déanamh mo dhíchill, le coinsias glan gan smál do choimhéad i gcómhnaidhe i dtaobh Dé agus daoine.


Ní fhuil baint ná páirt agat leis an ngnó so: óir ní fhuil do chroidhe ceart i láthair Dé.


chum go gcóimhlionfaidhe ar órduigh an dlighe ionnainne, nach siubhlann do réir na colna, acht do réir an spioraid.


Anois molaim sibh de bhrigh go mbíonn sibh ag cuimhneamh orm san uile nidh, agus de bhrigh go bhfuil sibh ag coimheád na ngnás fá mar thugas daoibh iad.


Óir is é fáth ár maoidhmheachais, fiadhnaise ár gcóinsiais, gur i naomhthacht agus i bhfíre i bhfiadhnaise Dé d’iomcharamar sinn féin san tsaoghal, ní h‐é i ngliocas colnaidhe, acht i ngrása Dé, ’n‐bhur dtaobh‐sa go mór.


chum go mbéidh sibh gan locht, gan aineamh, ’n‐bhur gclainn Dé gan smál i lár cinidh chaim, chuirpthigh, go bhfuil sibh ’n‐a measc amhail soillsí san tsaoghal,


sibh réidhtighthe leis anois tré chorp a fheola de bhárr an bháis, chum sibh do thabhairt naomhtha, gan locht, gan cionnta ’n‐a fhiadhnaise,


chum go ndaingnighidh sé bhur gcroidheacha gan locht i bhfiadhnaise ár nDé agus ár nAthar, ag teacht d’ár dTighearna Íosa i n‐éinfheacht le n‐a naomhaibh uile.


D’á bhrigh sin, a cháirde, ó tá súil leis na neithibh seo agaibh, déanaidh gach iarracht chum go bhfaighfidhe sibh i síothcháin, gan smál, gan locht ’n‐a fhiadhnaise.


Má’s eol díbh é bheith fíréanta, is eol daoibh gach aoinneach chleachtas fíréantacht, gur uaidh‐sean do geineadh é.


Agus is air so aithnighmíd go bhfuil aithne againn air, má choimheádaimíd a aitheanta.


A chlann bheag, ná mealladh aoinneach sibh: an té chleachtas fíréantacht atá sé fíréanta, fá mar tá séisean fíréanta:


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí