Salm 127:1 - An Bíobla Naofa 1981 Amhrán Oilithreach. Le Solamh. 1 Mura ndéana an Tiarna an teach a thógail, is saothar amú é do lucht a thógála. Mura ndéana an Tiarna an chathair a chosaint, is díomhaoin don gharda bheith á faire. An tSaltair 1965 (Ó Cuinn) Mura dtógann an Tiarna an teach: téann obair na saor amú. Psalma Dhaibhí 1836 Mun’ ttóga Iehobha suas ann teach, Is diomhaoin saothar saoir; A mbun na caithreach mur mbi Dia, Is diomhaoin faire an mhaoir. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Muna bhfoirgníghe an TIGHEARNA an tigh, is díomhaóin oibrighid an lucht fhoirgnighios é: muna ccumhduighe an TIGHEARNA an chathair, is go díomhaóin do ní an fear coimhéada faire. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Amhrán Oilithreach. Le Solamh. Mura ndéana an Tiarna an teach a thógail, is saothar amú é do lucht a thógála. Mura ndéana an Tiarna an chathair a chosaint, is díomhaoin don gharda bheith dá faire. |
Déan do mhachnamh anois ar conas a thogh an Tiarna thú le teach a thógáil don sanctóir. Bí laidir agus déan amhlaidh.”
Ansin dúirt Dáiví le Solamh a mhac: “Bí daingean teann agus tabhair faoin obair. Ná bíodh eagla ort! Bíodh misneach agat mar tá an Tiarna Dia, mo Dhia-sa, le d'ais. Ní theipfidh seisean ort ná ní thréigfidh sé thú nó go mbeidh an saothar go léir atá le déanamh do theach an Tiarna curtha i gcrích!
Tabhair do Sholamh mo mhac croí meáite ar d'aitheanta, do reachtanna, agus d'fhorálacha, a chomhlíonadh; go gcuire sé iad go léir i bhfeidhm agus an pálás seo a d'ullmhaigh mé duit a thógáil.”
Amhrán Oilithreach. 1 Ar an Tiarna a scairt mé nuair a bhí mé do mo bhuaireamh; agus d'éist sé liom.
Amhrán oilithreach. Le Dáiví. 1 Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom: “Rachaimid isteach i dteach an Tiarna.”
Amhrán Oilithreach. Le Dáiví. 1 Murach an Tiarna a bheith inár leith; abradh Iosrael anois:
Amhrán Oilithreach. 1 An mhuintir a mbíonn a ndóchas sa Tiarna acu, is cosúil le Sliabh Shíón iad - sliabh nach féidir a bhogadh, ach a sheasfaidh go brách.
Amhrán Oilithreach. 1 Nuair a sheol an Tiarna príosúnaigh Shíón ar ais, ba chosúil le lucht aislinge sinn.
[Salm] Sholaimh. 1 Bronn do bhreithiúnas, a Dhia, ar an rí, agus d'fhíréantacht ar mhac an rí;
Rud eile fós a chonaic mé abhus faoi luí na gréine: ní hiad na luatha a bhuann an rás, ná na croíthe crua a bhriseann cath, ná na saoithe a fhaigheann an bia, ná lucht na tuisceana a chnuasaíonn an saibhreas, ná an t‑aos léinn a thuilleann fabhar, mar tá siad go léir faoi chumhacht na drochuaire agus na cinniúna.
Theagmhaigh liom na gardaí ar a gcuairteanna tríd an mbaile: “An bhfaca sibh grá mo chroí?”
Theagmhaigh liom na gardaí ar a gcuairteanna tríd an mbaile. Bhuail siad mé, agus ghoin, srac siad díom mo bhrat, lucht faire an bhaile.
Mise, an Tiarna, atá i mo chaomhnóir air; bím de shíor ag coinneáil uisce leis ar eagla go dtitfeadh a dhuilliúr; de lá agus d'oíche bím á chaomhnú.
Ár lucht faire, tá siad ar fad dall, ní léir dóibh dada! Madaí balbha iad go léir, nach féidir leo tafann. Ag brionglóideach atá siad, ina luí fúthu, a ndúil sa chodladh.
Ar do mhúrtha, a Iarúsailéim, tá lucht faire i gceann poist agam nach dual tost dóibh de lá ná d'oíche; Sibhse a mheabhraíonn ár gcás don Tiarna,
Taispeánaigí an bratach in aghaidh múrtha na Bablóine! Neartaigí an garda! cuirigí na fir faire ina láithreacha! Gléasaigí na luíocháin! Óir rinne an Tiarna beart, agus chaith sé le cathróirí na Bablóine faoi mar gheall sé.
Tá teachtaire ar leanúint teachtaire, giolla sna sála ar ghiolla chun a rá le rí na Bablóine gur gabhadh a chathair ó gach taobh;
Agus mura bhfuil Críost aiséirithe tá ár bhfógairt gan bhonn agus tá bhur gcreideamhsa gan bhonn mar an gcéanna.
Ní hiad an síoladóir, mar sin, ná an t‑uiscitheoir, ar fiú iad aon ní ach Dia amháin, a chuireann an síol ag fás.
Cuimhnigh ar an Tiarna do Dhia óir is é a thug an cumas seo duit agus a ghnóthaigh an saibhreas seo duit; agus choimeád sé ar an gcaoi sin an conradh a mhionnaigh sé do d'aithreacha, mar a dhéanann fós inniu.
Tugadh scéala go rí Ireachó: “Féach, tá fir tagtha anseo anocht ó Iosrael chun an tír a bhrath.”