Salm 122 - An Bíobla Naofa 1981Iarúsailéim: An Chathair Naofa 1 Amhrán oilithreach. Le Dáiví. 1 Amhrán oilithreach. Le Dáiví. 1 Rinne mé gairdeas nuair a dúradh liom: “Rachaimid isteach i dteach an Tiarna.” 2 Tá ár gcosa ina seasamh cheana féin i do dhoirse, a Iarúsailéim. 3 Rinneadh cathair Iarúsailéim a thógáil go dlúth is go daingean. 4 Is chuici suas a ghabhann na treibheanna, treibheanna an Tiarna, d'fhonn is go dtugaidís fianaise do Iosrael, agus buíochas don Tiarna. 5 Is ansiúd atá cathaoir an bhreithiúnais, cathaoir do theaghlach Dháiví. 6 Iarraigí síocháin Iarúsailéim a chur chun cinn; gura slán a dtugann taitneamh duit. 7 Síocháin go raibh laistigh de do mhúrtha, agus flúirse i do phálás. 8 Ar son mo bhráithre agus lucht mo pháirte, síocháin go raibh ionat. 9 Ar son teach an Tiarna, ár nDia, iarraim do leas. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart