Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

Salm 120 - An Bíobla Naofa 1981


An Teanga Chealgach
1 Amhrán Oilithreach.

1 Amhrán Oilithreach. 1 Ar an Tiarna a scairt mé nuair a bhí mé do mo bhuaireamh; agus d'éist sé liom.

2 A Thiarna, saor m'anam ar an mbéal urchóideach, agus ar an teanga chealgach.

3 Cad a imreoidh sé ort d'fhonn an comhar a íoc leat, a theanga chealgach?

4 Saigheada géara an churaidh chalma, agus sméaróidí dearga.

5 Is é mo dhíth bheith i mo chónaí i Meiseach; i bpubaill Chéadar.

6 Is fada atá m'anam ag lonnú leis an dream ar fuath leo an tsíocháin.

7 Nuair a labhraim ar son na síochána, tugann siad fúm gan fáth.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí