Íseáia 62 - An Bíobla Naofa 1981Aiséirí Iarúsailéim Arís 1 Ar mhaithe le Síón ní fhanfaidh mé i mo thost, agus mar gheall ar Iarúsailéim ní mian liom bheith socair, nó go dté a fíréantacht amach mar an maidneachan agus a slánú mar bheadh lóchrann ag lonrú. 2 Is ann a fheicfidh na ciníocha d'fhíréantacht agus na ríthe uile do ghlóir; agus tabharfar ainm nua ort, ainm a fhógróidh béal an Tiarna féin. 3 Beidh tú i do choróin taibhseach i láimh an Tiarna, i do cheannbheart ríoga ar bhois do Dhé. 4 Ní déarfaidh siad Uaigneach leat feasta, ná ní ghairfear Fásach do do dhúiche. Ach is é ainm a bheidh ort féin “Bean mo rúin” agus “an Céile” a bheidh ar do dhúiche. Óir lig an Tiarna a rún leat agus gheobhaidh do dhúiche é mar chéile. 5 Díreach mar a phósann ógfhear cailín, is é an Saor féin a phósfaidh thusa; agus mar is cúis ghairdis a chéile don fhear nuaphósta, beidh tú féin i do chúis ghairdis ag do Dhia. 6 Ar do mhúrtha, a Iarúsailéim, tá lucht faire i gceann poist agam nach dual tost dóibh de lá ná d'oíche; Sibhse a mheabhraíonn ár gcás don Tiarna, 7 níl sos i ndán daoibh - agus ná tugaigí sos dósan nó go gcuire sé Iarúsailéim ar bun ina duan molta dó go deo ar talamh. 8 Tá an Tiarna tar éis a mhionn a thabhairt dar a dheasláimh agus dar neart a ghualann: “Ní baol feasta go dtabharfaidh mé do chruithneacht mar bhia do do naimhde. Eachtrannaigh ní ólfaidh níos mó do chuid fíona ar chaith tú do shaothar leis. 9 Ach an dream a rinne an t‑arbhar a tharlú, íosfaidh siad féin é agus molfaidh siad an Tiarna. Is iad lucht cnuasaithe na gcaora fíona a bheidh ag ól i mo chúirteanna beannaithe.” Clabhsúr ar na trí Chaibidil seo 10 Amach libh, amach trí na geataí! Réitigí bealach do mo mhuintir! Tógaigí tóchar, tógaigí suas é; glanaigí na carraigeacha ar shiúl! Ardaigí an comhartha le haghaidh na gciníocha! 11 Seo é fógra an Tiarna go críocha na cruinne féin: “Abraigí le hiníon Shíón: Seo chugat d'fhuascailteoir. Tá a luach saothair leis ina sheilbh agus a chúiteamh á iompar roimhe amach. 12 Gairfear dóibh Pobal Naofa, Cion Fuascailte an Tiarna, agus duit féin a mbíonn síorthriall ort Cathair nach dtréigtear.” |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart