Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 51:12 - An Bíobla Naofa 1981

12 Taispeánaigí an bratach in aghaidh múrtha na Bablóine! Neartaigí an garda! cuirigí na fir faire ina láithreacha! Gléasaigí na luíocháin! Óir rinne an Tiarna beart, agus chaith sé le cathróirí na Bablóine faoi mar gheall sé.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

12 Cuiridh súas an bhratach ar bhalladhuibh na Babilóine, neartuighidh a nfaire, cuiridh súas an fear faire, gléusuidh na luidheacháin: óir do thríall an TIGHEARNA ar áon agus do rinne án ní sin do labhair sé a naghaídh áitreabhthach na Bábilóine.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 51:12
18 Tagairtí Cros  

Ní sheasódh eagna ná tuiscint ná comhairle an fód in aghaidh an Tiarna.


Cuirfidh sé comhartha in airde le haghaidh na náisiún, agus baileoidh sé ar díbríodh as Iosrael le chéile; cruinneoidh sé muintir scaipthe Iúdá ó cheithre arda an domhain.


Ar an gcnocán sceirdiúil cuirigí comhartha in airde, crochaigí suas an ghairm slua. Bagraígí lámh orthu i leith chun go dtaga siad go geataí na n‑uaisle.


ní fhillfidh fearg an Tiarna go gcríochnaí, agus go gcomhlíona sé comhairle a chroí. Tuigfidh sibh é sin go soiléir sna laethanta atá ag teacht.


Is uime seo a chaoinfidh an talamh agus éireoidh na spéartha thuas dubh. Óir tá sé raite agam, is é atá curtha romham, ní thiocfaidh malairt intinne dom, ní rachaidh mé ar gcúl.”


“Foilsígí i measc na náisiún é, fógraígí é: ná ceiligí é, abraigí: ‘Tá an Bhablóin gafa, tá Béil náirithe, tá Marodac ina smionagar. (Tá a híola náirithe, a dealbha gránna ina smidiríní.)’


D'oscail an Tiarna a armlann agus thug amach airm a dhíoltais. Óir tá obair le déanamh ag an Tiarna, Dia na Slua, i dtír na gCaildéach.


Bioraigí na saigheada, líonaigí na bolgáin! “Mhúscail an Tiarna spiorad rí na Méideach, óir tá plean aige in aghaidh na Bablóine, á milleadh; seo é díoltas an Tiarna, a chúiteamh mar gheall ar a Theampall.


“Cuirigí an bratach ar foluain ar fud an domhain; séidigí an stoc i measc na náisiún, ullmhaígí na náisiúin ina haghaidh; gairigí ar na ríochtaí i gcionn a chéile ina héadan: Ararat, Minní, Aisceanáz; glaoigh rolla a naimhde, a cheannfoirt! Ordaígí don mharcshlua teacht suas, go colgach ar nós na lócaistí.


Tá an talamh á shuaitheadh agus é ar crith, mar bhí tionscnamh an Tiarna in aghaidh na Bablóine á chur i gcrích: a dhéanamh tír na Bablóine ina fásach gan daonra.


Rinne an Tiarna a raibh beartaithe aige; an rabhadh a thug sé fadó riamh tá sé curtha i gcrích aige anois; tá sé tar éis tú a threascairt gan trua; rinne sé ábhar suilt do do naimhde díot agus chuir sé go mór lena gcumhacht.


An uair sin doirtfidh mé mo spiorad fiú amháin ar bhur sclábhaithe, idir fhir agus mhná.


Féach, tá teachtaire ag brostú thar dhroim na sléibhte agus é ag fógairt na síochána. Céiliúir do chuid féilte, a Iúdá; comhlíon do mhóideanna. Óir ní ghluaisfidh an bithiúnach tríot arís mar tá sé scriosta go hiomlán.


Nuair a chonaic rí Háí conas mar a bhí, bhrostaigh sé féin agus a mhuintir go léir, lucht na cathrach, amach go moch ar maidin chun clann Iosrael a ionsaí ar an bhfána i dtreo an Arabá. Ní raibh a fhios aige go rabhthas i luíochán air laistiar den chathair.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí