Íseáia 27 - An Bíobla Naofa 19811 An lá sin, smachtóidh an Tiarna lena chlaíomh crua, lena chlaíomh mór laidir, Leiviatan, an nathair éalaitheach, Leiviatan, an nathair lúbarnach: maróidh sé dragan na farraige. Fíniúin an Tiarna 2 An lá sin, canaigí an fíonghort taitneamhach! 3 Mise, an Tiarna, atá i mo chaomhnóir air; bím de shíor ag coinneáil uisce leis ar eagla go dtitfeadh a dhuilliúr; de lá agus d'oíche bím á chaomhnú. 4 Fearg níl orm a thuilleadh! Fiú má bhíonn sceacha agus driseacha ann, cuirfidh mé cogadh orthu, dófaidh mé iad go léir! 5 Sin nó cead acu dul ar mo choimirce agus síocháin a dhéanamh liom. Is mairg nach ndéanann siad síocháin liom! Trócaire agus Pionós 6 Sna laethe atá le teacht cuirfidh Iacób péacáin amach, tiocfaidh bláth agus toradh ar Iosrael; líonfaidh sé aghaidh na talún le torthaí. 7 An é gur leadhb Dia é mar a leadhb sé lucht a leadhbtha? Ar bhásaigh é mar a bhásaigh sé lucht a bhásaithe? 8 Chuir tú smacht air, á thiomáint amach agus á dhíbirt; chuir sé an ruaig air lena anáil bhorb, mar bheadh an ghaoth anoir ann. 9 Is amhlaidh sin a dhéantar leorghníomh in urchóid Iacóib agus seo é an luach a ghlanfaidh a pheaca: go gcaitheann sé le clocha na n‑altóirí go léir mar a chaithfeadh leis an chloch aoil a mheiltear. Cuaillí beannaithe ná galláin na gréine ní fhágfar ina seasamh 10 óir tá an chathair dhaingean ina fásach, tá sí tréigthe dearóil mar bheadh díthreabh ann. Is ann a thagann an tréad ag iníor, is ann a luíonn siad fúthu agus a chrinneann na craobhacha. 11 Tá na géaga críon, sa chaoi go scoitear iad; tagann mná agus lasann siad an tine leo. Óir is pobal é seo atá gan tuiscint, mar sin, an té a chruthaigh iad, níl trua aige dóibh; an té a dhealbhaigh iad, ní thaispeánann fabhar dóibh. Fáistine 12 An lá sin, déanfaidh an Tiarna an grán a bhualadh ó shruth na hAbhann go caise na hÉigipte, agus baileofar sibh aon ar aon, a chlann Iosrael. 13 An lá sin, séidfear an stoc mór agus tiocfaidh siad siúd a bhí caillte i dtír na hAsaíre agus iad siad a díbríodh go críocha na hÉigipte, agus adhrfaidh siad an Tiarna ar an sliabh beannaithe in Iarúsailéim. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart