Leag m'athair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m'athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.’ ”
Matha 11:29 - An Bíobla Naofa 1981 Tógaigí oraibh mo chuing agus tagaigí ar scoil chugamsa, mar táim ceansa uiríseal ó chroí, agus gheobhaidh sibh faoiseamh do bhur n‑anamacha; An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Tagaigí faoi mo chuing, agus glacaigí le mo theagasc; mar is caoin uiríseal mo chroí, agus gheobhaidh sibh suaimhneas anama agam. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Árduighigidh mo chuing-se oraibh, agus foghlaimigidh uaim, óir tá mé ceannsa, agus uiríseal i gcroidhe, agus gheobhaidh sibh suaimhneas do bhur n-anmanna, Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Tógaidh mo chuing‐se oraibh, agus foghlaimidh uaim, óir atáim ceannsa agus umhal im’ chroidhe: agus do‐gheobhaidh sibh faoiseamh d’bhúr n‐anmannaibh. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Tógbhuidh mo chuingsi oraibh, agus foghlamuigh úaim; óir a táim ceannsaighe agus úmhal a gcroidhe: agus do gheabhtháoi súaimhneas dá bhur nanmaibh. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Tógaidh mo chuing-se oraibh, agus foghlumaidh uaim, óir táim ceannsa agus úmhal ó chroidhe; agus gheobhaidh sibh suaimhneas d’bhúr gcroidhthibh. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Tógaigí oraibh mo chuing agus tagaigí ar scoil chugam-sa, mar táim ceansa uiríseal ó chroí, agus gheobhaidh sibh faoiseamh do bhur n-anamacha; |
Leag m'athair ualach trom oraibh. Cuirfidh mise, más ea, breis ualaigh oraibh. Bhuail m'athair sibh le lasca; buailfidh mise sibh le scairpeanna.’ ”
Amhrán Oilithreach. Le Dáiví. 1 Níl mo chroí i mborr le mórtas, a Thiarna; níl mo shúile go huaibhreach. Ní mó go bhfuil mo dhúil i nithe móra, a théann thar m'acmhainn.
pobal ar dhúirt sé leo uair: “Seo scíth daoibh! Tabhair scíth don duine tuirseach! Is é seo an suaimhneas!” - Ach níorbh áil leo éisteacht.
Beidh gairdeas ar na dearóile as an Tiarna arís, agus aoibhneas ar dhaoine bochta as Neach Naofa Iosrael,
Is mar seo a deir an Tiarna: “Seasaigí i mbealaí an tseansaoil cuirigí tuairisc na seanchasán cé acu ab ea an tslí mhaith? Siúlaigí inti ansin agus gheobhaidh sibh suaimhneas. Ach dúirt siadsan: ‘Ní shiúlfaimid inti.’
Déan gairdeas go spleodrach, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a iníon Iarúsailéim. Féach, tá do rí ag teacht chugat, é go caithréimeach slán, agus go ceansa, agus ag marcaíocht ar asal, ar bhromaichín, ar shearrach asail.
Sula raibh an focal as a bhéal, seo scamall solasmhar ina scáil anuas orthu, agus an glór as an scamall: “Is é seo mo Mhac muirneach dár thug mé gnaoi; éistigí leis.”
“Abraigí le hiníon Shíón: Féach, tá do rí ag teacht chugat, agus é go ceansa, ag marcaíocht ar asal, ar shearrach beithígh iompair.”
ag múineadh dóibh gach ní atá ordaithe agam a choinneáil. Agus féach, táim in éineacht libh i gcónaí go dtí deireadh an tsaoil.”
“Duine ar bith, mar sin, a chluineann na briathra seo a deirim agus a dhéanann dá réir, ní miste a chur i gcosúlacht le fear ciallmhar a thóg teach do féin ar an gcarraig:
Tháinig na daoine amach go bhfeicfidís an ní a tharla, agus ar theacht dóibh chun na háite ina raibh Íosa, fuair siad an fear a raibh na deamhain imithe as ina shuí agus a chuid éadaigh air, ina cheartmheabhair, ag cosa Íosa; agus bhí uamhan orthu.
Tá sampla tugtha agam daoibh, faoi mar atá déanta agam daoibhse, go ndéanfadh sibhse mar an gcéanna.
Sin é an Maois céanna a dúirt le clann Iosrael: ‘Ardóidh Dia fáidh eile daoibh as bhur gcine féin faoi mar a d'ardaigh sé mise.’
Leo siúd atá saor ón dlí bhí mé mar dhuine a bheadh saor ón dlí d'fhonn an mhuintir atá saor ón dlí a thabhairt liom - cé nach bhfuilim saor ó dhlí Dé ach mé faoi dhlí Chríost.
Tá achainí phearsanta á iarraidh agam oraibh as ucht cineáltas agus ceansacht Chríost, ós duine mise, Pól, a bhíonn go huiríseal agus mé in bhur láthair agus go dána libh agus mé i bhfad uaibh.
agus gach sórt móiréise a sheasann in aghaidh eolas Dé, agus déanaimid cime de gach smaoineamh d'fhonn é a chur faoi réir Chríost.
Tá a fhios agaibh cad iad na treoracha a thugamar daoibh ar údarás an Tiarna Íosa.
Tiocfaidh sé i gcaoraíl tine ag agairt díoltais orthu siúd nach bhfuil aithne ar Dhia acu agus nach ngéilleann do dhea-scéal ár dTiarna Íosa.
Nuair a tháinig sé chun foirfeachta rinneadh údar slánaithe shíoraí de don uile dhuine a bhíonn umhal dó