Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 131 - An Bíobla Naofa 1981


Mar Naíonán i mBaclainn a Mháthar
1 Amhrán Oilithreach. Le Dáiví.

1 Amhrán Oilithreach. Le Dáiví. 1 Níl mo chroí i mborr le mórtas, a Thiarna; níl mo shúile go huaibhreach. Ní mó go bhfuil mo dhúil i nithe móra, a théann thar m'acmhainn.

2 Ach mar naíonán [a bhainfí de dhiúl], thug mé m'anam chun suaimhnis. Mar naíonán i mbaclainn a mháthar, atá m'anam istigh ionam.

3 A Iosrael, cuir do dhóchas sa Tiarna, anois agus choíche.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí