Íseáia 28:12 - An Bíobla Naofa 198112 pobal ar dhúirt sé leo uair: “Seo scíth daoibh! Tabhair scíth don duine tuirseach! Is é seo an suaimhneas!” - Ach níorbh áil leo éisteacht. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)12 Ré ndúbhairt sé, Isé so an socomhal lé a ttiubharthaói suáimhneas don duine choirthe; agus isé so an súaimhneas: gidheadh níor bháill léo a chlós. Féach an chaibidil |
Féachaigí chuige nach ndiúltóidh sibh éisteacht leis an té atá ag labhairt libh. Óir más rud é nár éalaigh na daoine sin slán a dhiúltaigh éisteacht leis an té a thug foláireamh dóibh ar talamh is lú go mór ná sin an chaoi éalaithe a bheidh againne má thugaimid ár gcúl leis an té a thugann foláireamh dúinn ó neamh.