Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 8:35 - An Bíobla Naofa 1981

35 Tháinig na daoine amach go bhfeicfidís an ní a tharla, agus ar theacht dóibh chun na háite ina raibh Íosa, fuair siad an fear a raibh na deamhain imithe as ina shuí agus a chuid éadaigh air, ina cheartmheabhair, ag cosa Íosa; agus bhí uamhan orthu.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

35 Chuaigh daoine amach ansin go bhfeicfidís cad é a tharla, agus tháinig go dtí Íosa, go bhfuair siad an fear ar imigh na deamhain as, ina shuí ag cosa Íosa, agus é ina mheabhair agus éadaí air; agus bhí eagla orthu.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

35 Agus chuaidh siad amach a fheiceáil an nídh a thárla, agus tháinic siad chuig Íosa; agus fuair siad an duine, as a ndeachaidh na deamhain amach, ina shuidhe ag a chosa, a chuid éadaigh air agus a mheabhair slán, agus ghabh eagla iad.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

35 Agus do chuadar amach go bhfeicfidís créad do thuit amach; agus thángadar chum Íosa, agus fuaradar an fear as ar imthigh na deamhain, a éadaighe air, agus é ’n‐a shuidhe ’n‐a ghlain‐mheabhair ag cosaibh Íosa: agus do bhí eagla ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

35 Agus do chúadarsan amach dféachain an neith do rinneadh; agus tangadar dionnsuighe Iósa, agus fúaradar an duine, as a ndeachadar na deamhuin, a na éadughadh, agus é ar deaghcheill, na shuidhe ag cosaibh Iósa: agus go ghabh eagla íad.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

35 Agus tháinig ná daoine amach go bhfeicfidís cad a bhí tuitithe amach, agus thánadar ag triall ar Íosa; agus fuaradar, ’n-a shuidhe ag cosaibh Íosa, ’n-a ghlan-mheabhair agus éadach uime, an duine as ar imthigh na deamhain, agus bhí eagal ortha.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

35 Tháinig na daoine amach go bhfeicfidís an ní a tharla, agus ar theacht dóibh chun na háite ina raibh Íosa, fuair siad an fear a raibh na deamhain imithe as ina shuí agus a chuid éadaigh air, ina cheartmheabhair, ag cosa Íosa; agus bhí uamhan orthu.

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 8:35
13 Tagairtí Cros  

Lig dom an gairdeas agus an t‑áthas a chloisteáil, agus beidh lúcháir ar na cnámha a bhrúigh tú.


Is é sin an fáth a ndáilfidh mé na sluaite air agus roinnfidh sé an chreach leis na tréana, cionnas gur scaoil sé a anam leis an mbás agus gur áiríodh é ar líon na bpeacach, cé go raibh coireanna na sluaite ar iompar aige agus é ag déanamh eadrána ar son na bpeacach.”


Chuaigh a chlú ar fud na Síre go léir, agus tugadh cách a bhí tinn ó gach sort galair nó ag fulaingt piolóidí, daoine a raibh deamhain iontu, nó an titimeas orthu nó an phairilis, agus leigheas sé iad.


Agus tháinig siad ag triall ar Íosa agus chonaic siad an deamhnaíoch ina shuí agus a chuid éadaigh air, ina cheartmheabhair, an duine céanna a mbíodh an léigiún ann; agus bhí uamhan orthu.


Bhí deirfiúr aici darbh ainm Máire, agus bhí sí seo ina suí ag cosa an Tiarna ag éisteacht lena bhriathar.


Ach tháinig sé chuige féin agus dúirt: ‘Cá liacht de lucht tuarastail ag m'athair a bhfuil fuílleach aráin acu, agus mise anseo ag fáil bháis den ghorta!


I gcionn trí lá fuair siad sa Teampall é ina shuí i measc na máistrí ag éisteacht leo agus ag cur ceisteanna chucu.


Nuair a bhí sé ag teacht i dtír, tháinig faoina dhéin duine ón gcathair a raibh deamhain ann, agus bhí sé seal mór aimsire gan aon éadach á chur air ná cónaí in aon teach ach sna tuamaí.


Nuair a chonaic na mucaithe an ní a tharla, theith siad, agus d'inis sa chathair é agus sna feirmeacha.


Lean sé air: “Is Giúdach mise a rugadh i dTarsas na Siléise; tógadh sa chathair seo mé i mo dhalta ag Gamailíéil. Fuair mé oiliúint bheacht i ndlí ár sinsear agus bhí mé chomh dúthrachtach chun Dé agus atá sibhse go léir inniu.


An té a dhéanann an peaca is den diabhal é mar gur peacach an diabhal ó thús. Is chuige seo a foilsíodh Mac Dé, go scriosfadh sé saothar an diabhail.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí