2 Corantaigh 10 - An Bíobla Naofa 1981Pól á Chosaint Féin 1 Tá achainí phearsanta á iarraidh agam oraibh as ucht cineáltas agus ceansacht Chríost, ós duine mise, Pól, a bhíonn go huiríseal agus mé in bhur láthair agus go dána libh agus mé i bhfad uaibh. 2 Táim a iarraidh oraibh gan a thabhairt orm bheith dána nuair a thiocfaidh mé chugaibh agus feidhm a bhaint as an teanntas úd a mheasaim a úsáid in aghaidh daoine áirithe a cheapann gurb iad bealaí an tsaoil seo a leanaimid. 3 Mairimid sa saol, is fíor, ach ní de réir ghnás an tsaoil seo a fhearaimid cath. 4 Na hairm chogaidh a bheartaímid, ní airm shaolta iad ach airm a bhfuil cumas ó Dhia acu daingin a threascairt. Leagaimid ar lár leo argóintí 5 agus gach sórt móiréise a sheasann in aghaidh eolas Dé, agus déanaimid cime de gach smaoineamh d'fhonn é a chur faoi réir Chríost. 6 Agus táimid réidh chun gach saghas míréire a smachtú an túisce a bheidh sibhse faoi réir go hiomlán. 7 Féachaigí ar a bhfuil os comhair bhur súl. Aon duine a áitíonn air féin gur le Críost é, smaoiníodh sé arís ar an méid seo: gur le Críost sinne chomh maith céanna leis. 8 Má dhéanaim maíomh beagán thar fóir as ár gcuid údaráis - údarás a thug an Tiarna dúinn chun sibhse a thógáil agus ní chun sibh a leagan - ní bhfaighidh mé aon náire mar gheall air. 9 Ní maith liom go gceapfaí gur le litreacha amháin a dhéanaim bagairt. 10 “Bíonn a chuid litreacha daingean, feidhmiúil,” a deir daoine, “ach is dearóil an teacht i láthair atá ann agus tá a chuid urlabhra gan éifeacht.” 11 Tuigeadh a leithéid sin ina aigne go mbíonn ár mbeart ar an láthair ag cur leis an mbriathar a scríobhtar i bhfad uaibh. 12 Ní bheadh sé de dhánacht ionainn gan dabht sinn féin a chur i gcomórtas ná i gcoimheas le daoine áirithe a bhíonn á gcur féin i gcion. Ach ní maith an chiall dóibhsean iad féin a thomhas ná a mheas dá réir féin. 13 Nílimidne chun dul thar fóir leis an maíomh, áfach; fanfaimid laistigh den limistéar a leag Dia amach dúinn agus a shíneann chomh fada libhse. 14 Nílimid ag dul thar teorainn amhail is nach mbeimis tagtha comh fada libh, mar bhíomar ar na chéad daoine a thug dea-scéal Chríost chugaibh. 15 Nílimid ag dul thar cailc, más ea, agus ag maíomh as saothar daoine eile. Agus tá súil againn, de réir mar a mhéadaíonn ar bhur gcreideamhsa, go dtiocfaidh borradh agus fás ar an saothar a rinneamar in bhur measc laistigh dár limistéar féin, 16 agus go ndéanfaimid an dea-scéal a fhógairt thar bhur gcríocha amach agus nach mbeimid ag maíomh as an obair atá déanta cheana ag duine eile sa ghort a bhí leagtha amach dó. 17 “An té a bhfuil fonn maíte air, déanadh sé maíomh as an Tiarna,” 18 mar ní hé an fear a mholann é féin atá dea-mheasta ach an fear a molann Dia é. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart