Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




2 Corantaigh 10:2 - An Bíobla Naofa 1981

2 Táim a iarraidh oraibh gan a thabhairt orm bheith dána nuair a thiocfaidh mé chugaibh agus feidhm a bhaint as an teanntas úd a mheasaim a úsáid in aghaidh daoine áirithe a cheapann gurb iad bealaí an tsaoil seo a leanaimid.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

2 mar achainí oraibh, nuair a bheidh mé agaibh, ná bíodh orm bheith dána neamheaglach libh, mar atá rún agam bheith dána neamheaglach leis an dream úd atá ag caitheamh amhrais orainn á rá gur saolta iad ár ngníomhartha.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

2 nuair bhéidhead ’n‐bhur láthair, nach mbéidh d’fhiachaibh orm bheith dána do réir mar mheasaim gur cóir dom bheith dána i n‐aghaidh daoine áirithe mheasas gur ag siubhal do réir na colna atáimíd.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

2 Achd iarruim dathchuinge oruibh chum go mbíam teann an tan bhías mé bhur lathair, leis a ndánachd céudna ré a saóilthear mé bheith teann a nadhuigh druinge áirighe, mhéusas sinn mar do bheimís ag siubhal do réir na féola.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

2 Táim dá iarraidh oraibh gan a thabhairt orm a bheith dána nuair a thiocfaidh mé chugaibh agus feidhm a bhaint as an teanntas úd a mheasaim a úsáid in aghaidh daoine áirithe a cheapann gurb iad bealaí an tsaoil seo a leanaimid.

Féach an chaibidil Cóip




2 Corantaigh 10:2
12 Tagairtí Cros  

Níl aon daorbhreith anois, mar sin, ar an muintir atá in Íosa Críost,


i dtreo go bhféadfaí dualgais an dlí a chomhlíonadh ionainn nuair nach faoi réir na colainne a mhairimid ach faoi réir an Spioraid.


Iad sin a mhaireann faoi réir na colainne is ar nithe collaí a bhíonn a n‑aird, ach iad sin a mhaireann faoi réir an Spioraid is ar nithe spioradálta a bhíonn a n‑airdsean.


An raibh aon ghuagacht orm agus mé ag cinneadh air seo? Nó, an cúrsa a leagaim amach dom féin, an de réir meon an tsaoil a leagaim amach é i dtreo go mbíonn “sea” ina “ní hea” agam?


Is náir liom a admháil go bhfuilimidne rólag chun a leithéid a dhéanamh, ach aon ní a leomhfadh duine ar bith acu sin maíomh as - caint bhuile í seo - tá an maíomh céanna le déanamh agamsa.


Is é fáth a bhfuilim á scríobh seo chugaibh agus mé i bhfad uaibh, i dtreo nuair a thiocfaidh mé ar an láthair nach gá dom an déine a oibriú oraibh de réir an údaráis a bhronn an Tiarna orm, údarás chun sibh a thógáil in áit sibh a leagan ar lár.


Thug mé foláireamh cheana dóibh sin a rinne peaca roimh ré agus don chuid eile go léir; agus tugaim foláireamh dóibh anois agus mé as láthair, faoi mar a rinne agus mé i láthair don dara huair, nach ndéanfaidh mé trua ar bith daoibh má thagaim arís -


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí