Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -

2 Corantaigh 10 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

1 Anois, athchuinghim‐se, Pól, bhíos úiríseal ’n‐bhur measc, agus mé ’n‐bhur láthair, acht bhíos an‐dána ’n‐bhur dtaobh agus mé as láthair, as ucht caoimhe agus mánlachta Chríost, impidhim oraibh,

2 nuair bhéidhead ’n‐bhur láthair, nach mbéidh d’fhiachaibh orm bheith dána do réir mar mheasaim gur cóir dom bheith dána i n‐aghaidh daoine áirithe mheasas gur ag siubhal do réir na colna atáimíd.

3 Óir má shiubhlaimíd san gcolainn féin, ní do réir na colna throidimíd;

4 óir ní de’n cholainn ár n‐airm troda, acht atá siad cumasach ó Dhia chum daingne do leagadh;

5 bíonn samhlaidheacht, agus gach árd‐aidhm chuireas i n‐aghaidh eolais Dé d’á leagadh againn, agus gach smaoineadh d’á chur fá smacht na h‐umhlachta do Chríost;

6 agus bímíd ullamh chun díoghaltas d’imirt ar gach easumhlacht, chómh luath is bhíos sibh‐se ag umhlú go h‐iomlán.

7 Ní fheiceann sibh acht a mbíonn rómhaibh. Má chreideann aon duine ann féin gur le Críost é, deanadh sé athsmaoineadh leis féin, má’s duine le Críost é, gur ab amhlaidh dhúinne.

8 Óir bíodh go ndéanfainn beagán maoidhmheachais san mbreis as ár h‐ughdarás (thug an Tighearna dhúinn chum bhur leasuighthe, ní chum sibh do leagadh),

9 ní h‐aon adhbhar náire dhom é: ar mhodh nach measfaidhe mé mar bhéinn d’iarraidh eagla do chur oraibh lem’ litreachaibh.

10 Óir, is é adeirid, Bíonn a litreacha tréan, borb, acht ní mór le rádh a phearsa agus é i láthair, agus bíonn a chainnt gan éifeacht.

11 Measadh a leithéid sin, do réir mar bhímíd do réir ár bhfocail ’n‐ár litreachaibh, gur mar sin bhímíd i ngníomharthaibh, agus sinn i láthair.

12 Óir ní lámhaimíd sinn féin d’áireamh, nó do chur i gcóimheas le daoine áirithe bhíos g‐á moladh féin: acht g‐á dtómhas féin dóibh, agus g‐a gcur féin i gcóimheas le chéile, atáid gan tuigsin.

13 Acht ní dhéanfaimíd‐ne maoidhmheachas as miosúr, acht do réir an mhiosúir do chuir Dia mar theorainn linn, miosúr shíneas chómh fada libh‐se.

14 Óir ní shínimíd‐ne thar teorainn amhail mar nár shíneamar chómh fada libh‐se: óir is chugaibh‐se ba thúisce thángamar le soiscéal Chríost:

15 ní ag maoidheamh as miosúr dúinn as a ndearna daoine eile; acht atá súil againn, do réir mar mhéaduigheas bhur gcreideamh,

16 go leathnóchar ár dteora n‐bhur measc chómh mór sin go seanmóirfimíd an soiscéal ins na críochaibh ar an taobh thall díbh, gan maoidheamh as a bhfuil déanta cheana taobh istigh de theorainn aon duine eile.

17 Acht an té do‐ghní maoidhmheachas, déanadh sé as an Tighearna é.

18 Óir ní h‐é an té mholas é féin atá ionmholta, acht an té go molann an Tighearna é.

First published by the Hibernian Bible Society (now the National Bible Society of Ireland) in 1932

British & Foreign Bible Society
Lean orainn:



Fógraí