Matha 1:16 - An Bíobla Naofa 1981 ghin Iacób Iósaef, fear céile Mhuire ónar rugadh Íosa ar a dtugtar Críost. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) agus ghin Iácób Iósaf, fear céile Mhuire, ar gineadh uaithi Íosa dá ngairtear an Críost. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus ghein Iacób Ióseph, fear-chéile Mhuire; ó n-a rugadh Íosa dá ngoirtear Críost. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) agus do ghein Mattán Iácób; agus do ghein Iácób Seosamh, fear Mhuire, ó n‐ar geineadh Íosa d’á ngoirthear Críost. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus do ghein Iácob Ióseph fear Mhuire, as ar geineadh Iósa, da ngoirthear Críosd. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus do ghein Iácób Ióseph, céile Mhuire, ó n-ar rugadh Íosa d’á ngoirtear Críost. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 ghin Iacób Iósaef, fear céile Mhuire ónar rugadh Íosa ar a dtugtar Críost. |
Chuir sé mar acht ar na deisceabail ansin gan a rá le duine ar bith gurbh é féin an Críost.
Nuair a bhí siad imithe, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin i mbrionglóid do Iósaef agus dúirt: “Éirigh i do shuí, beir leat an leanbh agus a mháthair, agus teith don Éigipt, agus fan ann go n‑insí mé duit, mar beidh Héaród ar thóir an linbh chun a mharaithe.”
Mar sin, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile dúirt Pioláit leo: “Cé acu ba rogha libh mé a scaoileadh chugaibh, Barabas, nó Íosa ar a dtugtar an Críost?” -
Dúirt Pioláit leo: “Más ea, cad a dhéanfaidh mé le hÍosa ar a dtugtar an Críost?” Dúirt siad: “Céastar é!”
Nach é seo an saor adhmaid, mac Mhuire agus bráthair Shéamais agus Iósaef agus Iúdáis agus Shíomóin? Agus nach bhfuil a shiúracha anseo inár measc?” Agus ghlac siad scannal ann.
chun maighdine a bhí luaite le fear de theaghlach Dháiví darbh ainm Iósaef, agus b'é ab ainm don mhaighdean, Muire.
Nuair a chonaic siad é, ghabh iontas iad, agus dúirt a mháthair leis: “A mhic, cad chuige a ndearna tú é seo orainn? Féach, bhí d'athair agus mé féin do do lorg go cráite.”
agus rug sí a céadghin mic, agus chuir i gcrios ceangail é, agus shín i mainséar é, de bhrí nach raibh slí dóibh san ósta.
Agus bhí Íosa féin, ag tosú dó, timpeall tríocha bliain: ina mhac - mar a síleadh - do Iósaef mac Héilí,
Agus thug cách fianaise air, b'ionadh leo na briathra grástúla a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: “Nach é mac Iósaef é seo?”
Dúirt an bhean leis: “Tá a fhios agam go bhfuil an Meisias ag teacht” - is é sin le rá an Críost - “agus nuair a thiocfaidh seisean inseoidh sé gach aon ní dúinn.”