Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 1:16 - Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

16 agus do ghein Mattán Iácób; agus do ghein Iácób Seosamh, fear Mhuire, ó n‐ar geineadh Íosa d’á ngoirthear Críost.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

16 agus ghin Iácób Iósaf, fear céile Mhuire, ar gineadh uaithi Íosa dá ngairtear an Críost.

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

16 Agus ghein Iacób Ióseph, fear-chéile Mhuire; ó n-a rugadh Íosa dá ngoirtear Críost.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

16 Agus do ghein Iácob Ióseph fear Mhuire, as ar geineadh Iósa, da ngoirthear Críosd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

16 Agus do ghein Iácób Ióseph, céile Mhuire, ó n-ar rugadh Íosa d’á ngoirtear Críost.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

16 ghin Iacób Iósaef, fear céile Mhuire ónar rugadh Íosa ar a dtugtar Críost.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naofa 1981

16 ghin Iacób Iósaef, fear céile Mhuire ónar rugadh Íosa ar a dtugtar Críost.

Féach an chaibidil Cóip




Matha 1:16
17 Tagairtí Cros  

agus do ghein Achím Eliúd; agus do ghein Eliúd Eleásar; agus do ghein Eleásar Mattán;


Agus d’fhreagair Síomón Peadar, agus adubhairt, Is tú an Críost, Mac Dé bhí.


Annsin thug sé rabhadh d’á dheisceablaibh gan a innsint d’aoinneach gurbh é féin an Críost.


Nuair do bhíodar imthighthe, do taidhbhrigheadh aingeal an Tighearna i n‐aisling do Sheosamh, agus adubhairt sé, Éirigh, tóg leat an leanbh agus a mháthair agus éaluigh do’n Éigipt, agus fan annsin go labhrad leat; óir béidh Ioruath ar lorg an leinbh chum a mhillte.


Agus nuair do bhíodar cruinnighthe le chéile, adubhairt Píoláid leo, Cia aca do b’áil libh do scaoilfinn saor chugaibh, Barabbas nó Íosa ar a dtugtar Críost?


Adubhairt Píoláid leo, Agus créad do‐ghéanad do’n té ar a dtugtar Criost? Adubhradar uile, Céastar é.


Nach é seo an siúinéir, mac Mhuire, dearbhráthair Shéamais, agus Sheosaimh, agus Iúdáis, agus Shíomóin? agus nach bhfuil a dheirbhsheathracha annso ’n‐ár measc? Agus fuaradar scannal ann.


ag triall ar mhaighdin do bhí luaidhte le fear darbh ainm Seosamh, duine de shliocht Dáibhi; agus Muire ab ainm do’n mhaighdin.


Agus nuair do chonnacadar é do bhí iongnadh ortha; agus adubhairt a mháthair leis, A mhic, cad chuige dhuit é seo do dhéanamh orainn? féach, do bhí t’athair agus mise ar do lorg agus buaidhirt an‐mhór orainn.


Agus rug sí mac, a céad‐ghein; agus d’fhill sí i n‐éadaighibh é, agus do chuir sí ’n‐a luighe i mainséar é, toisc nach raibh slighe dhóibh sa tigh ósta.


Agus do bhí Íosa féin, ag tosnú ar bheith tuairim deich mbliadhna fichead d’aois, agus do bhí sé (mar raoileadh) ’n‐a mhac ag Seosamh, mic Héli,


Agus thugadar go léir an‐aire dhó, agus do‐rinneadar iongnadh de ghrás na mbriathar tháinig ó n‐a bhéal; agus adubhradar, Nach é mac Sheosaimh é seo?


Adubhairt an bhean leis, Atá a fhios agam go bhfuil an Messias ag teacht (an té ar a dtugtar Críost): nuair thiocfas seisean, inneosaidh sé gach uile nidh dhúinn.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí