Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 27:17 - An Bíobla Naofa 1981

17 Mar sin, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile dúirt Pioláit leo: “Cé acu ba rogha libh mé a scaoileadh chugaibh, Barabas, nó Íosa ar a dtugtar an Críost?” -

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

17 Mar sin nuair a bhí siad cruinnithe, arsa Píoláid leo, “Cé acu den bheirt is áil libh mé a ligean saor chugaibh, Barabas, nó Íosa dá ngairtear Críost?”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

17 Ar an adhbhar sin, ar bheith cruinnighthe le chéile dóibh, dubhairt Pioláit: Cé is toil libh go leigfinn saor díbh, Barrabas, nó Íosa dá ngoirtear Críost?

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

17 Agus nuair do bhíodar cruinnighthe le chéile, adubhairt Píoláid leo, Cia aca do b’áil libh do scaoilfinn saor chugaibh, Barabbas nó Íosa ar a dtugtar Críost?

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

17 Ar a nadhbharsin ar na gcruínniughadhsan, a dubhairt Pioláit rui, Cia is toil libh do léigean chugaibh? Barabbas, nó Iósa ré nabarthar Críosd?

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

17 Do chruinnigh Pílát iad, agus dubhairt sé: Cé is toil libh a leigfinn saor chúghaibh, Barabbas nó Íosa ar a dtugtar Críost?

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

17 Mar sin, nuair a bhí siad cruinnithe le chéile dúirt Píoláit leo: “Cé acu ba rogha libh mé a scaoileadh chugaibh, Barabas, nó Íosa ar a dtugtar an Críost?”–

Féach an chaibidil Cóip




Matha 27:17
9 Tagairtí Cros  

Shiúil Éilias amach os comhair an phobail go léir agus dúirt: “Cá fhad atá sé ar intinn agaibh a bheith ag bacadhradh, seal ar leathchois amháin, agus seal ar an gceann eile? Más é an Tiarna is Dia ann, leanaigí é, más é Bál, leanaigí eisean.” Ní raibh focal as an bpobal.


ghin Iacób Iósaef, fear céile Mhuire ónar rugadh Íosa ar a dtugtar Críost.


Bhí príosúnach iomráiteach ar láimh an uair sin arbh ainm dó Barabas.


mar bhí a fhios aige gur formad faoi deara é thabhairt ar láimh.


Ach chuir siad na gártha suas: “Beir uainn é! Beir uainn é! Céas é!” Dúirt Pioláit leo: “An amhlaidh a chéasfaidh mé bhur rí?” D'fhreagair uachtaráin na sagart: “Níl de rí againne ach Céasar.”


Dúirt an bhean leis: “Tá a fhios agam go bhfuil an Meisias ag teacht” - is é sin le rá an Críost - “agus nuair a thiocfaidh seisean inseoidh sé gach aon ní dúinn.”


Ach mura mian libh fónamh don Tiarna, déanaigí bhur rogha inniu idir na déithe dá ndearna bhur n‑aithreacha fónamh taobh thall den Abhainn, agus déithe na nAmórach a gcónaíonn sibh ina ndúiche anois, le fónamh dóibh. Maidir liom féin agus le mo theaghlach, ámh, déanfaimid fónamh don Tiarna.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí