Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Lúcás 2:48 - An Bíobla Naofa 1981

48 Nuair a chonaic siad é, ghabh iontas iad, agus dúirt a mháthair leis: “A mhic, cad chuige a ndearna tú é seo orainn? Féach, bhí d'athair agus mé féin do do lorg go cráite.”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

48 Agus bʼiontach leo a fheiceáil mar sin; agus is é a dúirt a mháthair leis, “A mhic, cad é sin atá déanta agat orainn? Féach mé féin agus dʼathair do do chuardach agus ár sá imní orainn.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

48 Agus nuair a chonnaic siad-san é, bhí iongantas ortha. Agus dubhairt a mháthair leis: A mhic, cad chuige a ndearna tú seo orainn? Féach, bhí mise agus do athair fá bhrón do chuartughadh.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

48 Agus nuair do chonnacadar é do bhí iongnadh ortha; agus adubhairt a mháthair leis, A mhic, cad chuige dhuit é seo do dhéanamh orainn? féach, do bhí t’athair agus mise ar do lorg agus buaidhirt an‐mhór orainn.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

48 Agus ar na fhaicsin dóibh, do ghabh úathbhás iad: agus a dubhairt a mháthair ris, A mhic, créd fá ndearna tú mar so rinn? Féuch, do bhí misi agus dathair lán do dhobhron dod lordaireachd.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

48 Agus bhí iongna ortha-san nuair a chonacadar é. Agus dubhairt a mháthair leis: A mhic, cad é seo atá déanta agat orainn? Féach, bhí t’athair agus mise go buartha ar do lorg.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

48 Nuair a chonaic siad é, ghabh iontas iad, agus dúirt a mháthair leis: “A mhic, cad chuige a ndearna tú é seo orainn? Féach, bhí mise agus dʼathair do do lorg go cráite.”

Féach an chaibidil Cóip




Lúcás 2:48
5 Tagairtí Cros  

Ag caint mar sin leis na sluaite a bhí sé nuair a tháinig a mháthair agus a bhráithre agus sheas siad amuigh ag iarraidh labhairt leis.


Agus dúirt sé leo: “Cad chuige a mbeadh sibh do mo lorg? Nach raibh a fhios agaibh gur i dteach m'Athar nárbh fholáir dom bheith?”


Agus bhí Íosa féin, ag tosú dó, timpeall tríocha bliain: ina mhac - mar a síleadh - do Iósaef mac Héilí,


Agus thug cách fianaise air, b'ionadh leo na briathra grástúla a bhí ag teacht as a bhéal, agus deiridís: “Nach é mac Iósaef é seo?”


Fuair Pilib Natanael agus dúirt sé leis: “An té úd ar ar scríobh Maois sa dlí agus ar ar scríobh na fáithe, fuaireamar é, Íosa mac Iósaef ó Nazarat.”


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí