Matha 27:22 - An Bíobla Naofa 198122 Dúirt Pioláit leo: “Más ea, cad a dhéanfaidh mé le hÍosa ar a dtugtar an Críost?” Dúirt siad: “Céastar é!” Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)22 Dʼfhiafraigh Píoláid díobh, “Cad é mar sin is cóir a dhéanamh le hÍosa dar sloinne Críost?” Dúirt siad uile le chéile, “Céastar é.” Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara22 Deir Pioláit leo: Cad é dhéanfas mé, mar sin, le h-Íosa dá ngoirtear Críost? Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)22 Adubhairt Píoláid leo, Agus créad do‐ghéanad do’n té ar a dtugtar Criost? Adubhradar uile, Céastar é. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)22 A dubhairt Pioláid ríu, Ar an nadhbharsin créd do dhéana mé ré Hiósa, re nabarthar Críosd? a dubhradarsan uile ris, Crochthar é. Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)22 Dubhairt Pílát leó: Agus cad a dhéanfad i dtaobh Íosa, ar a dtugtar Críost? Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 201222 Dúirt Píoláit leo: “Más ea, cad a dhéanfaidh mé le hÍosa ar a dtugtar an Críost?” Dúirt siad: “Céastar é!” Féach an chaibidil |
Is amhlaidh seo a deir an Tiarna, fuascailteoir agus Neach Naofa Iosrael, leis an té atá ina ábhar tarcaisne agus gráin ag na ciníocha air, le sclábh na dtíoránach: Éireoidh ríthe ina seasamh ach súil a leagan ort, rachaidh prionsaí ar a mbéal fúthu, de dheasca an Tiarna agus a dhílseachta, Neach Naofa Iosrael a thogh thú.