Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Matha 27:23 - An Bíobla Naofa 1981

23 Dúirt seisean: “Ach cén t‑olc a rinne sé?” Ach is ea ba mhó a bhí siad ag screadadh: “Céastar é!”

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

23 Agus ar seisean, “Cad chuige? Cad é an drochní a rinne sé?” Ach ba mhóide a scairt siad, “Céastar é.”

Féach an chaibidil Cóip

Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara

23 Deir siad uilig: Céastar é. Dubhairt an t-uachtarán leo: Cad é an t-olc atá déanta aige? Acht ba mhó go mór a scairt siad amach, ag rádh: Céastar é.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

23 Adubhairt seisean, Acht cad é an t‐olc atá déanta aige? Acht do liúghadar go h‐árd‐ghlórach, g‐á rádh, Céastar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

23 Agusa dubhait an túachdarán, Créd é, an tolc do rinne se? Achd is móide do éighmheadarsan, ag rádh, Crochthar é.

Féach an chaibidil Cóip

Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)

23 Dubhradar go léir: Céasdar é. Dubhairt an riaghaltóir leó: Ach cad é an t-olc atá déanta aige? Ach do liúghadar níb’ aoirde: Céasdar é.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

23 Dúirt seisean: “Ach cén t-olc a rinne sé?” Ach is ea ba mhó a bhí siad ag screadach: “Céastar é!”

Féach an chaibidil Cóip




Matha 27:23
16 Tagairtí Cros  

Tá urchóid á taibhreamh d'fhear sméidte na súl, agus tá an t‑olc déanta ag an té a chuireann grabhas air féin.


Dúirt Pioláit leo: “Más ea, cad a dhéanfaidh mé le hÍosa ar a dtugtar an Críost?” Dúirt siad: “Céastar é!”


Nuair a chonaic Pioláit nach raibh aon mhaith dó ann ach gur mhó a bhíothas ag dul chun calláin, fuair sé uisce agus nigh a lámha os comhair an tslua ag rá: “Nílimse freagrach i bhfuil an fhíréin seo: féachaigí sibhse chuige.”


Dúirt Pioláit ansin le huachtaráin na sagart agus leis na sluaite: “Ní bhfaighim ciontacht ar bith sa duine seo.”


Cé nach bhfuair siad aon chúis bháis ann d'iarr siad ar Phioláit é a chur den saol.


Bhí an t‑achrann ag dul chomh mór sin i méid go raibh eagla ar an gceannasaí go sracfaí Pól as a chéile; dá bhrí sin d'ordaigh sé don arm dul síos agus Pól a tharrtháil uathu agus é a thabhairt isteach sa dúnfort.


Leis sin lig siad béic ard astu agus gan éisteacht le focal eile thug siad ruathar faoi in éineacht,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí