Agus d'imigh an Sátan amach ó láthair an Tiarna agus bhuail sé Iób le neascóid ghangaideach ó bhonn a choise go baithis a chinn.
Lúcás 13:11 - An Bíobla Naofa 1981 Agus bhí an bhean seo ann a raibh anspiorad inti á déanamh tinnlag le hocht mbliana déag; bhí sí cromtha ar a chéile agus gan ar chumas di seasamh díreach ar chor ar bith. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus bhí bean i láthair a raibh ainsprid á cloí ocht mbliana déag; is é rud, bhí sí crom gan cumas aici a droim a dhíriú go ceart. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus féach, bhí bean ann, a raibh spiorad éagcruadhais inntí le h-ocht mbliadhna déag, agus bhí sí crom, agus ní raibh sí ábalta amharc suas ar chor ar bith. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus féach, bean ’n‐a raibh spioraid lag‐bhrighe le h‐ocht mbliadhnaibh déag; agus do bhí sí cromtha, agus ní raibh ar chumas dí í féin do dhíriú ar chor ar bith. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus, féuch, do bhí bean a lathair agá raibh spioraid éagcrúais lé hocd mblíadhna déig: agus do bhí sí crotach, agus niór bhéidir lé í féin do dhíoriughadh air éanchor. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus féach, bean i n-a raibh spioraid lagachair ar feadh ocht mbliana déag, agus bhí sí cromtha, agus ní fhéadfadh sí féachaint suas i n-aon chor; An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus bhí an bhean seo ann a raibh anspiorad inti dá déanamh tinnlag le hocht mbliana déag; bhí sí cromtha ar a chéile agus gan ar chumas di seasamh díreach ar chor ar bith. |
Agus d'imigh an Sátan amach ó láthair an Tiarna agus bhuail sé Iób le neascóid ghangaideach ó bhonn a choise go baithis a chinn.
Tacaíonn an Tiarna lena mbíonn ag titim; agus tógann sé an dream a bhíonn ar lár.
Osclaíonn sé súile na ndall. 8b Tógann sé suas an dream atá crom. 8c Tugann an Tiarna grá don fhíréan;
Ar na nithe seo a dhéanaim mo mhachnamh nuair a chuirim mo racht díom: mar a ghluaisinn i dtosach an tslua ag triall ar theach Dé dom, le gártha gairdis agus molta i ndáil fleá agus féile.
A Thiarna, ná lochtaigh mé i d'fhearg agus ná cuir pionós orm is tú ar buile chugam.
Agus ghabh Íosa ar fud na Gailíle go léir, ag teagasc sna sionagóga, ag fógairt dea-scéil na ríochta, agus ag leigheas gach galar agus gach éagruas i measc an phobail.
D'fhiafraigh Íosa dá athair: “Cá fhad atá sé seo air?” Dúirt seisean: “Ó bhí sé ina pháiste,
Nuair a chonaic Íosa í, ghair sé chuige í agus dúirt léi: “A bhean, tá tú fuascailte ó d'éagruas,”
Agus an bhean seo, is iníon d'Abrahám, a bhí ar ceangal ag Sátan, féach, ar feadh ocht mbliana déag nár cheart í scaoileadh ón ngéibheann seo lá na sabóide?”
Nuair a thosóidh na nithe sin ag teacht, seasaígí suas agus ardaígí bhur gceann, óir tá bhur bhfuascailt in achmaireacht.”
chomh maith le mná áirithe a bhí leigheasta ó dhrochspioraid agus ó éagruais: Máire ar a nglaotar an Mhaigdiléanach - a raibh seacht ndeamhain imithe aisti -
Nuair a bhí sé ag teacht i dtír, tháinig faoina dhéin duine ón gcathair a raibh deamhain ann, agus bhí sé seal mór aimsire gan aon éadach á chur air ná cónaí in aon teach ach sna tuamaí.
Agus bean a raibh rith fola uirthi le dhá bhliain déag, agus a bhí tar éis a maoin shaolta uile a chaitheamh le lianna, ach nárbh fhéidir le haon duine í leigheas,
agus bhí fear á iompar ann a bhí ina mhairtíneach as broinn a mháthar agus shínidís gach lá é ag geata an Teampaill, ag an nGeata Álainn mar a thugtaí air, chun déirc a iarraidh ar an muintir a bhíodh ag dul isteach sa Teampall.
An fear ar tharla an mhíorúilt leighis seo dó, bhí sé os cionn daichead bliain d'aois.