Gníomhartha 3:2 - An Bíobla Naofa 19812 agus bhí fear á iompar ann a bhí ina mhairtíneach as broinn a mháthar agus shínidís gach lá é ag geata an Teampaill, ag an nGeata Álainn mar a thugtaí air, chun déirc a iarraidh ar an muintir a bhíodh ag dul isteach sa Teampall. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)2 Agus bhíothas ag iompar fir a bhí ina chláiríneach ó bhroinn, ar ghnách a fhágáil gach lá ag an ngeata sin den teampall a ngairtear an Geata Álainn de, le bheith ag iarraidh déirce ón dream a bhíodh ag dul isteach sa teampall. Féach an chaibidilNa Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara2 Agus bhí fear áirithe, a bhí ina mháirtíneach ó bhroinn a mháthar, dá iomcar: agus chuireadh siad gach lá é ag an gheafta sin an teampaill, dá ngoirtear Áluinn, chun go n-iarradh sé déirc uatha sin a théigheadh isteach san teampall. Féach an chaibidilTiomna Nua 1951 (de Siúnta)2 Agus bhí duine áirithe, máirtíneach ó bhroinn a mháthar, d’á iomchar, duine do chuiridís gach lá ag geata an teampaill ar a dtugtar an Geata Áluinn, chum bheith ag iarraidh déirce ortha‐san do bhíodh ag dul isteach san teampall. Féach an chaibidilAn Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)2 Agus do hiomchradh duine áirighe do bhí na mhairtíneach ó bhruinn a mhathar, noch do chuirdís gach láoi ag dorus an teampuill ré a ráitear Breagha, díarruidh déirce ar a ndruing do théigheadh a sdeach don teampoll; Féach an chaibidilNa Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire)2 Agus bhí duine áirithe a bhí ’n-a mhairtíneach ó bhroinn a mháthar, agus bhítheas ’ghá iompar. Do curtí gach lá é ag geata an teampuil, ag an ngeata ar a dtugtí an geata Áluinn, ionus go n-iarrfadh sé déirc ar an muinntir a bheadh ag dul isteach sa teampul. Féach an chaibidilAn Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 20122 agus bhí fear dá iompar ann a bhí ina mhairtíneach as broinn a mháthar agus shínidís gach lá é ag geata an Teampaill, ag an nGeata Álainn mar a thugtaí air, chun déirc a iarraidh ar an muintir a bhíodh ag dul isteach sa Teampall. Féach an chaibidil |