Agus chuir an Tiarna fán orthu ón áit sin ar fud chlár na cruinne ar fad, agus scoireadar de thógáil na cathrach.
Lúcás 1:51 - An Bíobla Naofa 1981 Thaispeáin sé neart a láimhe: scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Thaispeáin sé an neart atá ina ghéag. Scaip sé an dream a mbíonn an t‑uabhar i smaointe a gcroíthe. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara D’oibir sé cumhacht le n-a láimh; scaip sé lucht an díomais i sotal a gcroidhe. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Do‐rinne sé móir‐ghníomh le neart a láimhe: Do scaip sé lucht intinne an uabhair. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Do rinne sé gníomh láidir lé na láimh; do spréigh sé na dáoine úraibhreacha a smúaintighe a gcroidheadh féin. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) D’oibrigh sé cómhacht le n-a láimh; do sgaip sé lucht an uabhair ’n-a gcroidhe agus ’n-a n-aigne. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Thaispeáin sé neart a láimhe: scaip sé an dream a bhí uaibhreach i smaointe a gcroí. |
Agus chuir an Tiarna fán orthu ón áit sin ar fud chlár na cruinne ar fad, agus scoireadar de thógáil na cathrach.
Chonaic an Tiarna gurbh éachtach é olc an duine ar an talamh agus nach raibh á thaibhreamh dó ina smaointe de shíor ach an t‑olc.
Fuair an Tiarna an boladh cumhra agus dúirt sé leis féin: “Ní baol go gcuirfidh mé mallacht ar an talamh go brách arís de bharr an duine, óir is ar an olc atá a chroí meáite ag an duine óna óige. Ní bhuailfidh mé an uile dhúil bheo mar a rinne mé go deo arís.
Cluintear gártha lúcháire is caithréime i mbothanna na bhfíréan. “D'oibrigh deaslámh an Tiarna go tréan;
“Sin é an fear nár mhian leis go mbeadh Dia ina dhaingean aige, ach a chuir a dhóchas in iomad a mhaoine agus a neart ina choirpeacht.”
Is agatsa atá ceannas ar fhraoch na farraige; is tú a chuireann cosc le tulca na dtonnta.
Is tú a chruthaigh an tuaisceart is an deisceart; molann Tábór agus Hearmón d'ainm le corp áthais.
Salm. 1 Canaigí amhrán úr don Tiarna, óir rinne sé éachtaí. Le neart a dheasláimhe is a chuisle naofa, rug sé bua dó féin.
Anois is ea atá a fhios agam gur mó an Tiarna ná na déithe go léir, mar gur fhuascail sé an pobal ó lámha na nÉigipteach nuair a bhíodar go huaibhreach leo.”
Féach an Tiarna Dia ag teacht lena neart, agus a lámh ag smachtú roimhe! Tá a luach saothair leis ina sheilbh, agus a éadáil ag dul roimhe amach.
Múscail, múscail, cuir umat do neart, a lámh an Tiarna, Múscail mar a dhéantá sa seanam, in aimsir na nglún a d'imigh. An ea nach tusa a scoilt Ráhab, a pholl an Dragan ina lár?
Tá an Tiarna ag nochtadh a láimhe naofa os comhair súile na gciníocha go léir, agus feicfidh críocha uile na talún beart tarrthála ár nDé.
a chuir a chumhacht ghlórmhar uaidh ag gluaiseacht ar dheasláimh Mhaois; a scoilt na huiscí ó chéile rompu chun ainm síoraí a bhaint amach dó féin;
Óir déanfaidh mise beag thú anois i measc na náisiún, tarcaisneach i measc daoine.
mar, cé go raibh eolas ar Dhia acu, níor thug siad dó an ghlóir ná an buíochas ba dhual dó mar Dhia. Is amhlaidh a chuaigh siad chun mearbhaill ina gcuid smaointe agus a dalladh an aigne dhúr iontu.
agus gach sórt móiréise a sheasann in aghaidh eolas Dé, agus déanaimid cime de gach smaoineamh d'fhonn é a chur faoi réir Chríost.
Ar thug aon Dia riamh faoi chine a ghabháil chuige féin ó chrioslach cine eile, le profaí, le comharthaí, le hiontais, le cogadh, le láimh láidir agus le géag ar tinneall? - na nithe sin go léir a rinne an Tiarna daoibhse, os comhair bhur súl san Éigipt.
Mar an gcéanna libhse is óige ná sin, bígí umhal do na seanóirí. Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar “cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.”
Uime sin in aon lá amháin tiocfaidh a plánna bás agus doilíos agus gorta, agus loscfar í le tine. Óir is tréan é an Tiarna Dia, an té a dhaor í.”