Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 52 - An Bíobla Naofa 1981


Peacaí na Teanga

1 Do stiúrthóir an chóir. Mascil de chuid Dháiví


2 nuair a tháinig Doéig an tEadómach chuig Sól á rá leis: “Chuaigh Dáiví isteach i dteach Aichímeilic.”

2 nuair a tháinig Doéig an tEadómach chuig Sól á rá leis: “Chuaigh Dáiví isteach i dteach Aichímeilic.”

3 Cad chuige duit bheith ag maíomh as do mhioscais, a ghaiscígh na hurchóide?

4 Déanann tú uisce faoi thalamh feadh an lae, agus faobhar ar do theanga mar rásúr géar, a chealgaire ghlic.

5 Is ansa leat an t‑olc ná an mhaitheas, an t‑éitheach ná an fhírinne.

6 Is áil leat an uile chaint dhíobhálach, a theanga na camastaíola.

7 Uime sin déanfaidh Dia do scriosadh agus do mhilleadh go deo. Sracfaidh sé as do bhoth amach thú agus bainfidh sé amach ó fhréamh thú as talamh na mbeo.

8 Feicfidh na fíréin is beidh eagla orthu; beidh siad ag gáire faoi, á rá:

9 “Sin é an fear nár mhian leis go mbeadh Dia ina dhaingean aige, ach a chuir a dhóchas in iomad a mhaoine agus a neart ina choirpeacht.”

10 Ach bímse mar úrchrann olóige in áras Dé; ‘s tá mo dhóchas i ndilghrá Dé go brách agus choíche.

11 Tabharfaidh mé buíochas duit go deo de bharr a ndearna tú, agus fógróidh mé feabhas d'ainmse i bhfianaise na bhfíréan.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí