Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Salm 89 - An Bíobla Naofa 1981


Turnamh Theaghlach Dháiví

1 Mascil Ethan an dúchasach.

2 Canfaidh mé de shíor faoi do bhuanghrá, a Thiarna; fógróidh mé do dhílseacht ó ghlúin go glúin.

3 Óir is deimhin gur daingníodh do bhuanghrá go brách, agus shocraigh tú do dhílseacht chomh buan le neamh.

4 “Cheangail mé conradh,” [a dúirt tú,] “leis an té a roghnaigh mé; dhearbhaigh mé do Dháiví mo sheirbhíseach:

5 ‘Socróidh mé do shliocht go brách, agus bunóidh mé do ríchathaoir go deo.’ ”

6 Foilsíonn na flaithis do mhíorúiltí, a Thiarna; tá d'fhírinne á moladh ag comhthionól na naomh.

7 Óir cé is cosúil leis an Tiarna sna néalta, cé atá inchurtha le Dia ar shlua na bhflaitheas?

8 Is uafásach é Dia i gcomhchomhairle na naomh; is éachtach é agus is uamhnach thar a bhfuil ina thimpeall.

9 A Thiarna Dia na slua, cé is comhionann leat? Is cumhachtach tú, a Thiarna, agus do dhílseacht de gach leith díot.

10 Is agatsa atá ceannas ar fhraoch na farraige; is tú a chuireann cosc le tulca na dtonnta.

11 Bhuail tú cos ar Ráhab go ndearna tú bloghanna de; agus scaip tú d'eascairde le do chuisle chumhachtach.

12 Is leat na flaithis, is leat an talamh; is tú a bhunaigh an domhan agus a bhfuil ann.

13 Is tú a chruthaigh an tuaisceart is an deisceart; molann Tábór agus Hearmón d'ainm le corp áthais.

14 Is cumasach an chuisle atá agat, a Thiarna, is daingean do lámh, agus do dheaslámh crochta.

15 Cóir agus ceart atá mar bhonn do do ríchathaoir; gabhann buanghrá agus dílseacht romhat amach.

16 Is aoibhinn don phobal arb eol dóibh an gháir áthais; siúlann siad faoi sholas do ghnúise, a Thiarna.

17 Déanann siad gairdeas i d'ainm feadh an lae; agus déantar a móradh as ucht d'fhíréantachta.

18 Is tú, a Thiarna, dealramh a gcumhachta; agus is trí do chaoinchineáltas a ardaítear ár neart.

19 Óir is é an Tiarna is sciath dár gcosaint; agus is é Neach Naofa Iosrael is rí orainn.

20 Labhair tú tráth i bhfís á rá le do chairde naofa “Thug mé cabhair do ghaiscíoch; d'ardaigh mé fear tofa den phobal.

21 Fuair mé Dáiví, mo ghiolla; rinne mé a ungadh le m'ola naofa

22 d'fhonn go mbeadh mo lámh leis de shíor; agus go mbeadh mo chuisle ag neartú leis.

23 Ní mheallfaidh an namhaid go brách é, ná ní dhéanfaidh an t‑urchóideach foréigean air,

24 ach treascróidh mé a naimhde ina láthair; agus buailfidh mé lucht a fhuatha.

25 Beidh mo dhílse agus mo chineáltas ina fhochair; agus is i m'ainmse a ardófar a neart.

26 Leathfaidh mé a lámh os cionn na mara agus a dheaslámh os cionn na n‑aibhneacha.

27 Glaofaidh sé orm: ‘Is tú m'athair; is tú mo Dhia agus carraig mo shlánaithe.’

28 Ceapfaidh mé ina chéadghin mic é; an té is airde i measc ríthe na cruinne.

29 Coinneoidh mé mo chineáltas go deo dó; agus seasfaidh mo chonradh go daingean leis.

30 Socróidh mé a shliocht go síoraí agus a ríchathaoir mar laethanta na bhflaitheas.

31 Má thréigeann a chlann mhac mo dhlí, mura siúlann siad de réir mo phroiceaptaí,

32 más amhlaidh a sháraíonn siad m'fhorálacha, nó más amhlaidh a bhriseann siad m'aitheanta,

33 agróidh mé a gcion orthu leis an tslat; agus agróidh mé a gcoir orthu leis an lasc,

34 ach ní bhainfidh mé mo bhuanghrá de go deo; ná ní rachaidh mé siar ar mo bhriathar.

35 Ní bhrisfidh mé mo chor ná mo cheangal; ná ní bhréagnóidh mé briathar mo bhéil.

36 Aon uair amháin a mhionnaigh mé; dar mo naofacht, nach ndéanfainn bréag le Dáiví.

37 Mairfidh a shliocht go brách; beidh a chathaoir mar an ngrian i m'fhianaise;

38 mairfidh sí go buan mar an ngealach, ina finné fíordhílis ar neamh.” Selah

39 Ach theilg tú uait le déistin is le corp feirge an té a d'ung tú féin.

40 Bhris tú do chonradh le do ghiolla; agus thruailligh tú a choróin sa deannach.

41 Leag tú a mhúrtha go léir; agus d'fhág tú a dhún ina fhothrach.

42 Creachann a ngabhann an tslí é ionas go bhfuil sé ina chúis aithise dá chomharsana.

43 D'ardaigh tú deaslámh a naimhde; chuir tú áthas ar a eascairde go léir.

44 Mhaolaigh tú faobhar a chlaímh; is níor thug tú an bua dó sa chath.

45 Chuir tú cosc lena ghlóir-réim; leag tú a ríchathaoir ar lár.

46 Ghiorraigh tú laethanta a óige; agus d'fhág tú faoi náire shaolta é.

47 Cá fhad, a Thiarna, a bheidh tú i bhfolach - an go brách é? Cá fhad a bheidh do dhíbheirg ag bladhmadh mar thine?

48 Cuimhnigh, a Thiarna, ar a ghiorracht atá mo shaol; an amhlaidh a chruthaigh tú an Ádhamchlann in aistear?

49 Cé hé an duine beo nach bhfeicfidh an bás, nó cé a thabharfaidh a anam ó chumhacht na huaighe?

50 Cá bhfuil do chomaoineacha cianaosta, a Thiarna a mhionnaigh tú do Dháiví dar brí do dhílseachta?

51 Cuimhnigh, a Thiarna, ar an aithis a casadh le do sheirbhísigh; agus mar a iompraím i mo bhrollach maslaí uile na gciníocha -

52 na maslaí lena maslaíonn do naimhde mé a Thiarna, lena dtugann siad tarcaisne do chomharba do ungthaigh. 52 Moladh go deo leis an Tiarna; Amen agus Amen!

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí