Salm 98 - An Bíobla Naofa 1981Tiarna Buach agus Breitheamh Cóir 1 Salm. 1 Salm. 1 Canaigí amhrán úr don Tiarna, óir rinne sé éachtaí. Le neart a dheasláimhe is a chuisle naofa, rug sé bua dó féin. 2 D'fhoilsigh an Tiarna a shlánú; nocht sé a fhíréantacht do na náisiúin. 3 Chuimhnigh sé ar a bhuanghrá agus a dhílse do theaghlach Iosrael. Chonaic críocha uile na cruinne slánú ár nDé. 4 Gairdigí sa Tiarna a thíortha uile, agus nochtaigí bhur n‑áthas dó. 5 Canaigí Salm don Tiarna leis an gcruit agus le fuaim na cláirsí. 6 Tógaigí gártha le fuaim stoic agus adhairce don Tiarna, ár Rí. 7 Bíodh an mhuir agus a bhfuil inti ag búiríl, an domhan agus a maireann ann. 8 Bíodh na haibhneacha ag bualadh a mbos; déanadh na sléibhte sult, 9 i bhfianaise an Tiarna atá ag teacht a rialú na cruinne. Déanfaidh sé an domhan a rialú go cóir, agus na ciníocha go cothrom. |
An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.
An Sagart