Lúcás 1:35 - An Bíobla Naofa 1981 Agus dúirt an t‑aingeal á freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar Mac Dé air. An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn) Agus dúirt an t‑aingeal léi, “Tiocfaidh an Spiorad Naomh ort, agus glacfaidh cumhacht an Té is Airde faoina scáth thú; agus dá bhrí sin gairfear leanbh naofa den leanbh atá le teacht ar an saol, is ea, gairfear Mac Dé de. Na Ceithre Soiscéil agus Gníomhartha na n-Abstal 1943 (Pádraig Mac Giolla Cheara Agus dubhairt an t-aingeal léi, ghá freagairt: Tiocfaidh an Spiorad Naomh ort, agus clúdóchaidh cumhacht an té is Áirde thú. Dá bhrígh sin fosta, an Neach Naomhtha a bhéarfas tú ar an tsaoghal, goirfear Mac Dé de. Tiomna Nua 1951 (de Siúnta) Agus d’fhreagair an t‐aingeal agus adubhairt sé léi, Tuirlingeochaidh an Spiorad Naomh ort, agus clúdóchaidh cumhacht an Té is Aoirde thú: agus, d’á bhrigh sin, an té béarfar, glaodhfar naomhtha air, Mac Dé. An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell) Agus ar bhfreagra do naingeal a dubhairt se ría, Tuirléonguidh an Spiorad Náomh ort, agus foiléochaidh cumhachda an té as Airde thú: uime sin an ní náomhtha bhéaras tú goirfighear Mac Dé dhe. Na Cheithre Soisgéil agus Gníoṁartha na n-Aspol 1915 1921 (Peadar Ua Laoghaire) Agus d’fhreagair an t-aingeal agus dubhairt sé léi; Túirliceóchaidh an Spioraid Naomh ort, agus clúdóchaidh cómhacht Dé Aoird thú, agus d’á bhrígh sin tabharfar ar an ngein naomhtha a thiocfaidh uait Mac Dé. An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012 Agus dúirt an t-aingeal dá freagairt: “Tuirlingeoidh an Spiorad Naomh ort, agus beidh cumhacht an té is airde ina scáil anuas ort, agus sin é an fáth a mbeidh an leanbh naofa; glaofar ‘Mac Dé’ air. |
Nach lú ná sin an duine, atá bréan gráiniúil, Agus a shlogann an urchóid mar dheoch uisce?
Arbh fhéidir d'aon duine a bheith fíréanta i láthair Dé? Arbh fhéidir don té a gineadh ó bhean a bheith ionraic?
Foilseoidh mé reacht an Tiarna. “Is tú mo mhac,” a dúirt an Tiarna liom, “inniu is ea a ghin mé thú.
Seo mar a tharla Íosa Críost a shaolú. Bhí Muire, a mháthair, luaite le Iósaef, agus sula ndearnadar aontíos, fuarthas torrach í ón Spiorad Naomh.
Ag machnamh ar an méid sin dó, áfach, thaispeáin aingeal ón Tiarna é féin do i mbrionglóid agus dúirt: “A Iósaef, a mhic Dháiví, ná bíodh eagla ort do bhean chéile Muire a thabhairt abhaile leat, óir, an leanbh atá gafa aici, is ón Spiorad Naomh é.
Agus iad seo a bhí sa bhád, d'umhlaigh siad síos ina láthair ag rá: “Go dearfa, is tú Mac Dé.”
An taoiseach céad, agus na fir a bhí ag gardáil Íosa in éineacht leis, nuair a chonaic siad an mhaidhm talún agus na nithe a tharla, bhí uamhan an-mhór orthu agus dúirt siad: “Go dearfa, ba é Mac Dé é seo.”
Tháinig an cathaitheoir ina aice agus dúirt: “Más tú Mac Dé, abair arán a dhéanamh de na clocha seo.”
“Há, cad ab áil leat dínn, a Íosa Nazairéanaigh? Chun ár millte a tháinig tú. Is eol dom cé hé thú: Naomh Dé.”
chun maighdine a bhí luaite le fear de theaghlach Dháiví darbh ainm Iósaef, agus b'é ab ainm don mhaighdean, Muire.
Dúirt Muire leis an aingeal: “Conas a bheidh seo amhlaidh, agus gan cuid agam d'fhear chéile?”
Agus féach, Eiliosaibeit do bhean ghaoil, ghabh sise mac freisin ina seanaois, agus is é seo an séú mí aici siúd a dúradh a bheith aimrid.
Ach cuireadh an méid sin i scríbhinn chun go gcreidfeadh sibh gurb é Íosa an Criost, Mac Dé, agus á chreidiúint go mbeadh an bheatha agaibh ina ainm.
Bhí siad ag cur an bhóthair díobh nuair a tháinig siad chun lochán uisce. “Féach,” arsa an coillteán, “tá uisce anseo. Cad é an bac atá ormsa mo bhaisteadh?”
ach sa mhéid gur spiorad na naofachta é tá sé oirnithe i gcumhacht mar Mhac do Dhia ó aiséirí dó ó mhairbh.
agus ní mise a mhaireann beo feasta ach Críost a mhaireann ionam. An saol a chaithim sa cholainn anois, caithim é faoi luí an chreidimh atá agam i Mac Dé a thug suas é féin ar mo shon le neart grá dom.
Bhíomarna uile ar an mbuíon sin tráth, nuair a ghéillimis d'ainmhianta na colainne agus nuair a dhéanaimis riar na colainne agus a cuid smaointe. Bhí fearg Dé anuas orainne ó dhúchas chomh maith le cách eile.
Ní amhlaidh atá ardsagart againn nach féidir dó tuiscint a bheith aige dár laigí ach ceann a triaileadh i ngach slí cosúil linn féin ach nach ndearna peaca riamh.