Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -

Iób 25 - An Bíobla Naofa 1981


Dia Uilechumhachtach

1 Ansin d'fhreagair Bildead ó Shiúach agus dúirt:

2 Cad é tiarnas agus urraim atá ag dul do [Dhia]! Cuireann sé an tsíocháin i réim sna harda.

3 An bhfuil áireamh ar líon a shluaite, Ar tháinig aon duine slán óna [luíocháin]?

4 Arbh fhéidir d'aon duine a bheith fíréanta i láthair Dé? Arbh fhéidir don té a gineadh ó bhean a bheith ionraic?

5 Níl an ghealach féin geal, Ná na realtaí glan ina láthair.

6 Nach lú ná sin an duine, nach bhfuil ann ach cruimh, Agus mac an duine, nach bhfuil ann ach péist.

An Bíobla Naofa copyright © 1981 An Sagart. Úsáidtear le cead. Used by permission.

An Sagart
Lean orainn:



Fógraí