Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne

- Fógraí -




Eifisigh 2:3 - An Bíobla Naofa 1981

3 Bhíomarna uile ar an mbuíon sin tráth, nuair a ghéillimis d'ainmhianta na colainne agus nuair a dhéanaimis riar na colainne agus a cuid smaointe. Bhí fearg Dé anuas orainne ó dhúchas chomh maith le cách eile.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua 1970 (Ó Cuinn)

3 Bhi an t-am ann a rabhamar féin go léir orthu siúd, ag géilleadh dʼainmhianta na colainne, agus ag déanamh gach uile ní a thoiligh ár gcorp nó ár n-intinn, agus ar an ábhar sin bhíomar mar an chuid eile den chine daonna, inár gclann feirge Dé ó nádúr.

Féach an chaibidil Cóip

Tiomna Nua 1951 (de Siúnta)

3 Do chaitheamair‐ne, leis, ár saoghal tráth ’n‐a measc do réir ainmhianta na feola, ag cleachtadh tola na feola agus na h‐intinne, agus do réir dúthchais do bhíomar ’n‐ár gclainn díbheirge, ar nós daoine eile:

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

3 Agá rabhamairne uile mar an gcéudna nar gcoinbhearsaid a nallód a nainmhíanuibh na colla, ag tabhairt a tóla féin don choluinn agus do na smuáintighibh; agus do bhámar ó nadúir ar gcloinn na féirge, éadhon mar chách.

Féach an chaibidil Cóip

An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm 2012

3 Bhíomar-na uile ar an mbuíon sin tráth, nuair a ghéillimis dʼainmhianta na colainne agus nuair a dhéanaimis riar na colainne agus a cuid smaointe. Bhí fearg Dé anuas orainne ó dhúchas chomh maith le cách eile.

Féach an chaibidil Cóip




Eifisigh 2:3
54 Tagairtí Cros  

Nuair a bhí Ádhamh céad agus a tríocha bliain d'aois rugadh mac dó ar a dheilbh agus ar a chosúlacht féin, agus thug sé Séat air.


Chonaic an Tiarna gurbh éachtach é olc an duine ar an talamh agus nach raibh á thaibhreamh dó ina smaointe de shíor ach an t‑olc.


Fuair an Tiarna an boladh cumhra agus dúirt sé leis féin: “Ní baol go gcuirfidh mé mallacht ar an talamh go brách arís de bharr an duine, óir is ar an olc atá a chroí meáite ag an duine óna óige. Ní bhuailfidh mé an uile dhúil bheo mar a rinne mé go deo arís.


Uch nach gcailltear an glan Ar mhalairt slí leis an neamhghlan!


Arbh fhéidir d'aon duine a bheith fíréanta i láthair Dé? Arbh fhéidir don té a gineadh ó bhean a bheith ionraic?


Óir aithním mo chionta go maith agus tá mo pheaca os mo chomhair i gcónaí.


Sinn uile, amhail caoirigh, bhíomar ar seachrán, gach aon ag dul a bhealach féin. Agus d'aifir an Tiarna airsean ár gcionta go léir.


ach go dtagann cúraimí an tsaoil agus mealladh an tsaibhris agus mianta i rudaí eile isteach, go bplúchann siad an briathar agus fágtar gan toradh é.


an mhuintir nach as folanna a rugadh iad ná as toil feola, ná as toil fir ach ó Dhia.


Is ón diabhal, mar athair, sibhse agus is iad mianta bhur n‑athar a theastaíonn uaibh a dhéanamh. Ba dhúnmharfóir é siúd ó thús, agus níor sheas sé san fhírinne, mar níl aon fhírinne ann. Nuair a labhraíonn sé an bhréag labhraíonn sé as a stór féin, mar is bréagaire é agus is é athair an bhréagaire é.


Sna glúinte atá thart lig Dia do na ciníocha a mbealach féin a ghabháil,


Sin é an fáth ar thug Dia suas iad don mhígheanmnaíocht de réir ainmhianta a gcroí, sa tslí gur thug siad tarcaisne dá gcoirp eatarthu féin.


Bhí sibhse tráth easumhal do Dhia ach tá trócaire déanta anois oraibh trína n‑easumhlaíochtsan.


Agus cuirigí oraibh an Tiarna Íosa Críost mar éide agus ná bígí ag déanamh cúraim den cholainn d'fhonn a hainmhianta a shásamh.


Gintlithe nach bhfuil an dlí acu, gach uair dá gcomhlíonann siad forálacha an dlí ó nádúr is dlí dóibh féin iad ainneoin nach bhfuil an dlí acu.


Agus má rinneadh athmhuintearas idir sinn agus Dia trí bhás a Mhic agus sinn inár naimhde dó, nach móide go mór anois agus an t‑athmhuintearas déanta go saorfar sinn trína bheatha?


Ó táimid fíréanaithe anois trína chuid fola, nach móide go mór go saorfar sinn tríd ó fhearg Dé?


Dá réir sin, ná bíodh an peaca i réim in bhur gcolainn bhásmhar le go mbeadh sibh ag géilleadh dá hainmhianta.


Tá a fhios agam nach aon ní ar fónamh atá lonnaithe ionam, is é sin le rá sa chuid chollaí díom, mar bíonn fonn an dea-ghnímh orm ach ní bhfaighim ionam é a chur i gcrích.


Agus, nuair ab áil le Dia a chuid feirge a thaispeáint agus a chuid cumhachta a léiriú, má chuir sé suas go fada foighneach leis na hárais a bhí ina ndíol feirge agus iad ar bhealach a mbasctha,


Cé a thugann an seasamh ar leith duitse? Céard atá agat nach bhfuair tú? Agus más amhlaidh a fuair tú é, cad ab áil leat bheith ag maíomh as faoi mar nach bhfuair tú é.


Nuair atá a leithéidí sin de ghealltanais againn, a mhuintir na páirte, glanaimis dínn gach smál coirp agus anama agus cuirimis ár naomhú i gcrích faoi eagla Dé.


ach dhaingnigh an scrioptúr an uile ní faoi ghlas an pheaca, ar shlí go dtabharfaí ar gealladh do chreideamh in Íosa Críost do lucht an chreidimh sin.


nuair a leanadh sibh bealaí an tsaoil seo agus nuair a ghéilleadh sibh do phrionsa ríocht an aeir, don spiorad úd atá ag gníomhú inniu féin i lucht na míréire.


Agus is é teagasc a fuair sibh bhur seansaol a chaitheamh uaibh, an sean-nadúr a bhíonn á thruailliú ag ainmhianta claona;


Tráth dá raibh, bhí sibhse féin in earraid [le Dia] agus naimhdeach dó in bhur n‑aigne, de dheasca bhur ndrochghníomhartha;


Níor mhaith liom, a bhráithre, go mbeadh sibh aineolach i dtaobh na marbh i dtreo nach mbeadh sibh dobrónach ar nós na ndaoine eile atá gan aon dóchas.


Ná bímis inár gcodladh, dá bhrí sin, ar nós daoine eile, ach bímis inár ndúiseacht agus ar ár gciall.


Iad sin a mbíonn dúil sa saibhreas acu titeann siad i gcathú agus gabhtar sa líon iad ag na hainmhianta iomadúla baotha díobhálacha úd a tharraingíonn daoine ar bhealach a millte agus a mbascaithe.


Bhíomar féin gan chiall tráth; bhíomar easumhal agus ar seachrán, bhíomar tugtha d'ainmhianta agus do phléisiúir den uile shórt; bhíomar lán d'urchóid agus d'fhormad; bhíomar gráiniúil agus bhí fuath againn dá chéile.


Dála leanaí géilliúla, ná téigí i gcosúlacht ainmhianta an aineolais ina raibh sibh cheana,


Tá a súile lán d'adhaltranas, doshásta le peacaí; bíonn siad ag mealladh anamacha corrthónacha, agus a gcroí cleachtaithe ar an tsaint. Clann na mallachta!


Óir, le hainmhianta drabhlásacha collaí, bíonn siad ag mealladh na ndaoine d'éalaigh le déanaí ón muintir atá ag caitheamh a saoil ar seachrán, lena ngártha bladhmannacha baoise.


Mar a bhfuil sa saol - mian na colainne, agus mian na súl agus mórtas maoine - sin nithe nach den Athair iad ach den saol.


Ach anois is mar nua-aithne a scríobhaim chugaibh arís é, agus is fíor sin ina leithsean agus in bhur leithse, óir go bhfuil an dorchacht ag glanadh agus an fíorsholas ag taitneamh cheana féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí