Is ceart atá tú, a Thiarna, nuair a dhéanaim casaoid ort. Ach lig dom pointe breithiúnais a cheistiú. Cad chuige a mbíonn an rath ar dhrochdhaoine? Go mbíonn siad siúd sona a dhéanann olc?
Is ceart atá tú, a THIGHEARNA, a nuáir thagruim riot: gidheadh léig dhamh labhairt riot ar do bhreitheamhnusaibh: Créd fá mbeirionn slighe na ndrochdhaóine biseach? cred fá bhfuilid uile sona noch do ní gráineamhlacht?
Go mba fhada uait a leithéid a dhéanamh, an fíréan a chur chun báis mar aon leis an gciontach; d'fhágfadh sin an íde chéanna á tabhairt ar an bhfíréan agus ar an gciontach! I bhfad uait a leithéid! An amhlaidh nach ndéanfaidh breitheamh an domhain uile an ceart?”
A Thiarna, a Dhia Iosrael, de bharr d'fhíréantachta, fágadh fuíoll áir againn a tháinig slán mar atá anseo inniu; seo sinn anois i do láthair faoi ualach ár bpeacaí, agus dá bharrsan ní féidir d'aon duine seasamh i do láthair.”
Is ortsa amháin a pheacaigh mé; an ní is olc i do láthair a rinne mé. Ionas go mba léir gur ceart é do bhreith agus go dtugann tú breithiúnas gan locht.
Seo baois a tharlaíonn ar talamh: tá daoine ionraice ann a gcaitear leo faoi mar ba dhrochdhaoine iad agus tá drochdhaoine ann a gcaitear leo faoi mar ba dhaoine ionraice iad. Deirimse gur baois is ea é seo go deimhin.
Níor chuala tú trácht riamh orthu, níorbh eol duit iad, ní raibh do chluas oscailte agam dóibh roimh ré. Óir bhí a fhios agam an feall atá ionat, agus clú na ceannairce a bheith ort ón mbroinn.
Ach, a Thiarna na Slua, is tú an breitheamh cóir, is tú a scrúdaíonn na háranna agus an croí; feicimse do dhíoltas orthu, mar is i do lámha a chuir mé mo chúis.
“Feallann do dheartháireacha féin agus teach d'athar ort. Ar do chúl, lochtaíonn siad freisin thú go hoscailte. Ná cuir do mhuinín iontu nuair is cairde leat iad, mar dhea.”
Is cothrom cóir é an Tiarna; ach bhí mise easumhal dá ordú; éistigí, mar sin, a chiníocha uile, agus breathnaígí ar m'ainnise; tá mo mhaighdeana agus m'ógánaigh imithe uaim i mbraighdeanas.
“Ach deir sibhse: ‘Ní cóir iad gníomhartha an Tiarna.’ Éistigí liom, a mhuintir Iosrael; nach cóir iad mo ghníomhartha? Nach iad bhur ngníomhartha féin atá míchóir?
Sin é an fáth a ndéantar faillí sa dlí agus nach bhfeictear an chóir á déanamh choíche. Óir faigheann an drochdhuine an ceann is fearr ar an bhfíréan agus dá dheasca sin cuirtear an chóir as a riocht.
Istigh inti ina lár tá an Tiarna cóir; ní dhéanann sé an t‑éigeart riamh. Maidin i ndiaidh maidine fógraíonn sé a bhreithiúnas; le lonradh an lae ní loiceann sé riamh. Ach níl ciall ar bith do náire ag an drochdhuine.
Cuireann sibh tuirse ar an Tiarna le bhur gcaint. Deir sibh, áfach: “Conas a chuirimid tuirse air?” Trína rá: “Cibé ar bith duine a dhéanann an t‑olc, is dea-dhuine é i súile an Tiarna agus is orthu atá gean agus gnaoi aige”; nó: “Cá bhfuil Dia na córa?”
Tá an scéal sa chruth anois go gcaithfimid a rá gur méanar do scigirí, agus go mbíonn rath ar lucht déanta an oilc; is ea go deimhin, cuireann siad promhadh ar Dhia ach ní ghearrtar aon phionós orthu.’ ”