Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 12:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 Tá an rath ar bhothanna na ladrann; Níl baol ar lucht Dia a ghriogadh, An mhuintir a rinne dia de neart a lámh.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Atáid tabernacuil na sladmhóireadh siochanta, agus atáid an drong fhearguidhios Día daingion; dá ttabhair Día go hiomarcach iona láimh.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 12:6
17 Tagairtí Cros  

An té atá ar a shuaimhneas níl ach drochmheas aige ar an ainnise, Agus sonc don té a fuair barrthuisle.


Ní gá duit ach ceist a chur ar na hainmhithe agus cuirfidh siad ar an eolas thú! Nó ar éanlaith an aeir agus múinfidh siad thú;


A rá is go dtugann tú aghaidh do chaoraíochta ar Dhia Agus go scaoileann tú focail mar sin as do bhéal.


Líonann sé a dtithe le hiolmhaitheasaí, Agus is cian uaidh comhairle na n‑urchóideach.”


Tugtar dó socracht agus taca. Dá mbeadh [Dia] ag faire a mbealaí,


Tá an tír tugtha i lámha na gcoirpeach; Cuireann sé folach ar aghaidh a bhreithiúna. Nó murab eisean, cé heile?


Go saora do lámh mé, a Thiarna, ó dhaoine a bhfuil mian a gcroí i nithe an tsaoil seo. Líonann tú a mbolg as do líonmhaireacht go mbíonn díol a sáithe ag a gclann, agus go bhfágann siad fuíoll ag a leanaí.


[Salm le] Dáiví. 1 Ná bíodh buairt ort faoi lucht an drochiompair; ná bí in éad le lucht déanta na hurchóide;


Chonaic mé an t‑urchóideach go huaibhreach ina sheasamh amhail céadras na Liobáine.


Óir bhíos ag éad le lucht éirí in airde, ag faire dom ar shéan na n‑éagráifeach.


Ní aithníonn fear na díchéille, ná ní thuigeann an t‑amadán an ní seo.


Is ceart atá tú, a Thiarna, nuair a dhéanaim casaoid ort. Ach lig dom pointe breithiúnais a cheistiú. Cad chuige a mbíonn an rath ar dhrochdhaoine? Go mbíonn siad siúd sona a dhéanann olc?


Mar a bheadh cliabhán ann lán d'éanlaith amhlaidh sin tá a dtithe lán de chreach; d'éirigh siad mór agus saibhir dá bharr,


d'éirigh siad méith agus sleamhain. Go deimhin níl teorainn leo le holcas, níl meas acu ar an gceart, ní trua leo cás an dílleachta, cúis na mbocht, ní chosnaíonn siad.


Ach ansin athraíonn an ghaoth agus titeann sí chun suaimhnis. [Déanann sé siúd] dia beag dá neart féin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí