Iób 12 - An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)Caibidil XII. Gu bfuil áit ag Día tré na chumhacht ós gach ní, aindeis do chur fós ar dhuine ceart. 1 Agus do fhreagair Iób, agus a dubhairt, 2 Ni bhfuil amharus gur sibhsi na daóine, agus rachuidh an gliocus déug a néinfheachd ribh. 3 Acht atá tuigse agamsa comhmaith ribhsi; ní bhfuilim ní ís ísle ná sibh; fós, cía ag nach bhfuil fios a leithéid so do neithibh? 4 Atáimsi mar áon ar na fhochmhuideadh ó ná chomharsain, noch ghoireas ar Dhía, agus a bhfreagrann sé é: do nithear magadh tarcuisueach ar án nduine cheart dhireach. 5 An té bhíos a ngar do sciorradh le na chosuibh, atá sé mar lampa tharchuisneach a smúaineadh an tí bhíos air a shocarachd. 6 Atáid tabernacuil na sladmhóireadh siochanta, agus atáid an drong fhearguidhios Día daingion; dá ttabhair Día go hiomarcach iona láimh. 7 Acht fíafruigh anois do na hainmbithibh, agus múinfid duit; agus déanlaithibh a naíeir, ngus inneosuid duit: 8 Nó labhair ris an ttalamh, agus múinfidh sé dhuit: agus foillseochuid eisc na fairge dhuit. 9 Cía ag nach bhfuil a fhios díobhso uile gur bí lámh an TIGHEARNA do rinne so? 10 A lámh a bhfuil anum gach uile neithe bhí, agus anál án chinidh dáonna uile. 11 Nach dearbhann an chlúas bríathra? agus nach mblaisionn an bhéul a bhiadh? 12 Ag na sinnsearuibh atá an gliocus; agus tuigsi a bhfad na láetheadh. 13 Acht aigesion atá gliocus agus neart, atá comhairle agus tuigse aige. 14 Féuch, brisigh sé síos, agus ní héidir a chur súas a rís; iadhuidh sé duine súas, agus ní héidir oscladh dhó. 15 Féuch, congmhaidh se na huisgeadha, agus tiormuighidh súas, agus cuiridh sé amach mar an ccéadna íad, agus iompoighid síad an talamh bun ós cionn. 16 Agus aigesion atá an neart agus an gliocus: is leis an té mealltar agus an té mheallas. 17 Beiridh sé comhairligh leis ar na milleadh, agus do ní sé óinmhide do na breitheamhnuibh. 18 Sgaóilidh sé cuibhreach na ríogh, agus criosluighídh sé a ccaoil le crios. 19 Beiridh sé prionnsadha leis millte, agus claóidhigh an cumhachtach. 20 Athruighidh sé glór a nfíréin, agus tógbhuidh leis tuigse an tseanóra. 21 Dóirtigh sé tarcuisne ar phrionnsadhuibh, agus laghaduigh sé ceart na ccumhachdach. 22 Foillsighidh sé neithe domhne as an dorchadas, agus do bheir sé amach chum soluis scáile an bháis. 23 Méuduighidh sé na cineadhacha, agus scriosuidh sé íad; fairsingidh sé na críocha, agus cumhangaidh sé íad a rís. 24 Tógbhuidh sé leis croidhthe na druinge is oirdhearca ar dhaóinibh na talmhan, agus do bheir orra bheith ar seachrán a bhfásach mar nach bí slighe ar bith. 25 Bíd ag sméarthachd annsa dorchadas a néagmhuis soluis, agus do bheir sé orra tuitim anonn sa nall mar fhear meisge. |
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.
Maintained by the British and Foreign Bible Society (BFBS) on behalf of the National Bible Society of Ireland (NBSI) and the Bible Society in Northern Ireland (BSNI)
British & Foreign Bible Society