Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 12:5 - An Bíobla Naofa 1981

5 An té atá ar a shuaimhneas níl ach drochmheas aige ar an ainnise, Agus sonc don té a fuair barrthuisle.

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

5 An té bhíos a ngar do sciorradh le na chosuibh, atá sé mar lampa tharchuisneach a smúaineadh an tí bhíos air a shocarachd.

Féach an chaibidil Cóip




Iób 12:5
16 Tagairtí Cros  

Is ceap magaidh mé do mo chairde, Mar glaoim ar Dhia agus súil agam le freagra! Níl san fhíréan gan locht ach ceap magaidh.


Tá an rath ar bhothanna na ladrann; Níl baol ar lucht Dia a ghriogadh, An mhuintir a rinne dia de neart a lámh.


D'fhéadfainnse freisin labhairt mar thusa, Dá mbeadh d'anamsa in áit m'anamasa. An ndéanfainn thú a chiapadh le focail? Nó mo cheann a chroitheadh ort?


Ní foláir, ambasa, solas an choirpigh a mhúchadh, Agus lasair a thine a dhul in éag.


An ligeann an t‑asal fiáin glao as nuair a fhaigheann sé féar? Nó an damh búir os cionn a choda?


Ghreamaigh mo chéimeanna go daingean de do shlite, ní dheachaigh mo chosa ar fán ná ar fuaidreamh.


Nuair a shílim go bhfuil mo chosa ag imeacht uaim, is é do bhuanghrá, a Thiarna, a choinníonn i mo sheasamh mé.


[Lonraíonn] lóchrann an fhíréin, ach tagann múchadh ar lampa an urchóidigh.


Má chuireann duine mallacht ar athair nó ar mháthair, múchfar a lóchrann faoi dhorchadas dubh.


Tugaigí glóir don Tiarna ár nDia sula mbéarfaidh sé dorchadas anuas, sula dtuisleoidh bhur gcosa ar na sléibhte dorcha. Tá súil agaibh le solas, ach fillfidh seisean i scáile é, déanfar de dorchacht tiubh.


Ach dúirt na mná gan tuiscint leis na mná ciallmhara: ‘Tugaigí dúinn braon de bhur n‑olasa, mar tá ár lampaíne in éag.’


agus déarfaidh mé le m'anam: A anam, tá go leor maitheasaí de chúltaca agat go cionn na mblianta fada: fan go socair, bí ag ithe agus ag ól agus ag aoibhneas.’


Liomsa an díoltas, agus an cúiteamh, i gcomhair an lae nuair a shleamhnóidh a gcos. Óir tá lá a scriosta in achmaireacht agus tá a dtubaiste ar sodar faoina ndéin.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí