Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Iób 12:7 - An Bíobla Naofa 1981

7 Ní gá duit ach ceist a chur ar na hainmhithe agus cuirfidh siad ar an eolas thú! Nó ar éanlaith an aeir agus múinfidh siad thú;

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

7 Acht fíafruigh anois do na hainmbithibh, agus múinfid duit; agus déanlaithibh a naíeir, ngus inneosuid duit:

Féach an chaibidil Cóip




Iób 12:7
11 Tagairtí Cros  

Chruthaigh Dia na míola móra agus gach uile dhúil chorraitheach bheo de réir a chineáil a chin ó rath na n‑uiscí, agus an uile chineál éin a eitlíonn. Chonaic Dia gur mhaith sin.


Rinne Dia an uile chineál ainmhí allta, an uile chineál eallaigh, an uile chineál péiste. Chonaic Dia gur mhaith sin.


Tá an rath ar bhothanna na ladrann; Níl baol ar lucht Dia a ghriogadh, An mhuintir a rinne dia de neart a lámh.


Nó labhair leis an talamh, agus inseoidh sé duit, Agus tabharfaidh iasc na farraige eolas duit.


Nach ndéanfaidh siadsan thú a theagasc agus labhairt leat, Agus briathra mar seo á rá ó chroí:


Tá ceithre nithe ar an talamh atá bídeach, ach is acu atá togha na gaoise:


A leisceoir, téigh chun an tseangáin; déan machnamh ar a bhealaí, agus bíodh ciall agat.


Tá aithne ag an mart ar a úinéir, agus ag an asal ar chliabhán a mháistir, ach ní aithníonn Iosrael aon ní, ní thuigeann mo phobal dada.”


Fiú amháin an chorr bhán sa spéir bíonn fios a haimsire aici; comhairíonn an turtúr, an fháinleog, an chorr ghlas, am a dteachta. Ach ní fheadar mo dhaoine rialú an Tiarna.


Mar ó chruthú an domhain i leith tá a thréithe do-fheicthe - a chumhacht shíoraí agus a dhiagacht - le haithint agus le feiceáil sna nithe atá déanta. Más ea, níl aon leithscéal acu,


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí