Biblia Todo Logo
Bíobla ar líne
- Fógraí -




Irimia 12:6 - An Bíobla Naofa 1981

6 “Feallann do dheartháireacha féin agus teach d'athar ort. Ar do chúl, lochtaíonn siad freisin thú go hoscailte. Ná cuir do mhuinín iontu nuair is cairde leat iad, mar dhea.”

Féach an chaibidil Cóip

An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell)

6 Oír do fríth do dhearbhráithre féin, agus fós tigh hathar go meabhlach ortsa; aseadh, do ghoiriodar iomad ad dhiáigh: ná creid íad, bíodh go laibheoraidís bríathra breádha riot.

Féach an chaibidil Cóip




Irimia 12:6
25 Tagairtí Cros  

Is fealltach iad mo chairde mar an tuile, Mar leaba na dtuilte a ghabh thart;


Fóir orm, a Thiarna, óir níl fíréan le fáil, tá an fhírinne ar iarraidh i measc na hÁdhamhchlainne.


Insíonn gach aon duine bréaga dá chomharsa le beola bladair is le croí calaoiseach.


Ar do shonsa a d'fhulaing mé aithis agus bhí luisne na náire i mo ghnúis.


Déanfaidh tú cibé beagán a íosfaidh tú a aiseag, agus rachaidh do bhladar amú.


Ná bíodh muinín agat as nuair a labhraíonn sé go lách, óir tá seacht ngráiniúlacht ina chliabhlach.


Sea, is mar seo a dúirt an Tiarna liom: Mar a bheadh leon nó coileán leoin ag gnúsacht os cionn a chreiche, agus na haoirí á ngairm amach líon a slua ina choinne, gan scáth a theacht air lena scairteach, ná scaoll lena gcallán, is amhlaidh a thiocfaidh Tiarna na Slua anuas chun catha ar shliabh Shíón agus ar a chnocán ard.


11 Ach bhí mise mar a bheadh uan mín ann a sheoltar chun a mharaithe, agus mé ar neamheolas na ceilge a bhí á cumadh acu i m'aghaidh, á rá: “Scriosaimis an crann lena thorthaí, gearraimis amach é as tír na mbeo, ionas nach mbeidh cuimhne ar a ainm go deo.”


Is mar seo a labhair an Tiarna in éadan mhuintir Anatót a iarrann mo bhás agus a bhagair orm: “Ná tairngir in ainm an Tiarna, nó éagfaidh tú faoinár lámha.”


Cluinim mórán do mo tharcaisniú: “Eagla ar gach aon taobh! Sceithigí air! Sceithimis air!” Ag a raibh de chairde agam uair bhí súil in airde le mo threascairt: “Meallfar é b'fhéidir, ansin béarfaimid bua air agus imreoimid díoltas air!”


go bhfágfaidh mé mo phobal, go n‑imeoidh mé i bhfad uathu! Óir is adhaltranaigh iad uile, agus buíon daoine fealltacha.


Claonann siad a dteanga ar nós bogha; ní fírinne ach bréaga atá in uachtar sa tír; téann siad ó olc go holc. Diúltaíonn aithne a thabhairt don Tiarna.


Bíodh gach aon duine san airdeall ar a chara; ná taobhaigh le do dheartháir, mar go deimhin is forghabhálaí gach deartháir, is cúlghearrthóir dícheallach gach cara.


Meallann gach aon acu a chéile, ní labhraíonn siad an fhírinne. Mhúin siad dá dteanga bréaga a rá, tá siad truaillithe agus níl aithrí ag teacht leo.


Tabharfaidh an deartháir a dheartháir féin suas chun báis, agus an t‑athair a pháiste féin; éireoidh an chlann amach in aghaidh a dtuismitheoirí agus básóidh siad iad.


Agus ba fhonn leo é a ghabháil, ach bhí eagla orthu roimh an slua. Bhí fhios acu gur chucu féin a bhí sé nuair a labhair sé an parabal. Agus d'fhág siad ansin é agus d'imigh siad leo.


Óir níor chreid fiú a bhráithre ann.


Rinne na giúistísí na héadaí a sracadh díobh agus d'ordaigh iad a bhualadh le slata.


Le linn do Ghaillión bheith ina phróchonsal ar Acháia thug na Giúdaigh fogha faoi Phól de thoil a chéile agus rug os comhair an tsuí breithimh é.


Lean orainn:

Fógraí


Fógraí